Trevor Baylis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir is ceapadóir a rugadh i Londain, i Sasana is ea Trevor Baylis (13 Bealtaine 1937). Sa bhliain 1993 thosaigh sé ag saothrú raidió clogoibritheach tochrais a fhéadfar a úsáid in áiteanna iargúlta nach bhfuil cumhacht leictreach ar fáil ón líonra. Dineamó is bataire inathluchtaithe atá mar fhoinse cumhachta, agus is féidir an bataire a athluchtú tríd an dineamó a thochras. Tá an t-earra seo ar an margadh ó 1996 agus éileamh air ar fud an Domhain. Cónaíonn Baylis ar Eel Pie Island in Abhainn na Tamaise gar do Londain. Tá an galar Crohn air.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]