Treapánadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceann de na hobráidí máinliachta is luaithe, dronuilleog nó diosca cnáimhe a bhaint ó bhoghta na blaoisce chun an brú san inchinn de bharr briseadh na blaoisce a mhaolú. Cásanna réamhstairiúla ar eolas ón Eoraip, Meiriceá Thuaidh is Theas, réigiún an Aigéin Chiúin, an Afraic is an Áise. An ionstraim a d'úsáidtí, a dtugtar treifín uirthi anois, úsáidtear go coitianta fós í in obráidí néaramháinliachta.