Trasghéineach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aidiacht chun cur síos ar orgánach saorga ina bhfuil cóipeanna breise DNA ón ngné chéanna nó DNA coimhthíoch ó ghné eile neamhghaolta. Déantar a leithéid sa tsaotharlann trí DNA a chur isteach i siogóit nó cealla ar bhealaí éagsúla, agus ansin ligean dóibh forbairt go normálta. Is plandaí trasghéineacha iad barra a mionathraíodh go géiniteach. Na muca a forbraíodh i gcomhair trasphlandú croí do dhaoine, is trasghéineach iad maidir le próitéiní daonna ar leith.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Trasghéineach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 674.