Tractatus Logico-Philosophicus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tractatus Logico-Philosophicus (1922)

Is é an Tractatus Logico-Philosophicus an t-aon saothar fealsúnach amháin a d'fhoilsigh Ludwig Wittgenstein, fealsamh Ostaireach, lena linn. Bhí sé de chuspóir aige a rá cén bhaint a bhí ag an teanga agus ag an réaltacht lena chéile agus céard í teorainn na heolaíochta.[1] Aithnítear an leabhar mar cheann de na saothair fhealsúnacha is tábhachtaí den fhichiú haois.

Scríobh Wittgenstein an Tractatus agus é ian chime cogaidh sa Chéad Chogadh Domhanda. Foilsíodh é i nGearmáinis sa bhliain 1921 mar Logisch-Philosophische Abhandlung. Ar phosaitívigh loighiciúla Chiorcal Vín, leithéidí Rudolf Carnap agus Friedrich Waismann, is mó a chuaigh sé i bhfeidhm.

Tá iomrá le stíl ghonta an leabhair. Ar éigean atá argóintí ann: ina n-áit tá ráitis atá in ainm is a bheith follasach iontu féin. Rinne Wittgenstein a lán de smaointe an Tractatus a bhréagnú i saothair eile ina dhiaidh sin, go háirithe in Fiosrú Fealsúnach.

Na príomhthéiseanna[athraigh | edit source]

Tá seacht bpríomhthairiscintí sa leabhar:

Die Welt ist alles, was der Fall ist.

Is éard atá sa saol gach rud atá amhlaidh.

Was der Fall ist, die Tatsache, ist das Bestehen von Sachverhalten.

Is éard atá amhlaidh (ina fhíric) cúrsaí a bheith ann.

Das logische Bild der Tatsachen ist der Gedanke.

Smaoineamh is ea samhlú loighiciúil fíricí.

Der Gedanke ist der sinnvolle Satz.

Tairiscint a bhfuil brí léi is ea smaoineamh.

Der Satz ist eine Wahrheitsfunktion der Elementarsätze.

Feidhm fhírinne buntairiscintí is ea tairiscint.

Die allgemeine Form der Wahrheitsfunktion ist: [\bar p,\bar\xi, N(\bar\xi)]. Dies ist die allgemeine Form des Satzes.

Is ionann foirm ghinearálta tairiscinte agus foirm ghinearálta na feidhme fírinne, sin é: [\bar p,\bar\xi, N(\bar\xi)].

Wovon man nicht sprechen kann, darüber muß man schweigen.

An rud nach féidir labhairt air is cóir gan guth a thabhairt air.

Tairiscintí[athraigh | edit source]

Agus é ag scríobh chun Bertrand Russell sa bhliain 1919, deir Wittgenstein (i dtaca leis an Tractatus Logico-Philosophicus) nach iad na tairiscintí loighiciúla bun agus barr an scéil. Is éard is mó atá le cur i suim na rudaí is féidir a chur in iúl le tairiscintí, i.e. le focail (arb ionann iad agus rudaí is féidir a smaoineamh) agus na rudaí nach féidir a chur in iúl trí thairiscintí ach go gcaithfear a thaispeáint - príomhfhadhb na fealsúnachta. Is cosúil an méid sin lena ndeir sé sa Réamhrá: rud ar bith is féidir a rá is féidir é rá go soiléir, agus pé rud nach féidir a rá caithfear gan é a lua ar chor ar bith.

Deir Wittgenstein gur rudaí misticiúla a leithéidí siúd. Is iad gnáthábhar na fealsúnachta iad, ós leis na heolaíochtaí nádúrtha a bhaineann an méid is féidir a chur in iúl le focail.

4.1 Léiríonn na tairiscintí go bhfuil scéalta ann nó nach bhfuil ann.
4.11 Is í iomláine na bhfíorthairiscintí iomláine na heolaíochta nádúrtha (nó corpas na n-eolaíochtaí nádúrtha).
4.111 Ní bhaineann an fhealsúnacht leis na heolaíochtaí nádúrtha. (Caithfear go gciallaíonn an focal 'fealsúnacht' rud atá os cionn na n-eolaíochtaí nádúrtha nó thíos futhu, seachas ina dteannta.)

Deir Wittgenstein, agus é ag déanamh tagairt don obair a rinne Frege agus Russell i gcúrsaí loighiciúlachta (rud ar cuid den fhealsúnacht é):

4.121 Ní féidir le tairiscintí an fhoirm loighiciúil a léiriú, ó tá sí fite fuaite iontu. An rud a shamhlaítear sna focail, ní féidir leis na focail é a léiriú. An rud a chuireann é féin in iúl trí na focail, ní féidir linn é a léiriú de réir na bhfocal. Nochtann tairiscintí foirm loighiciúil na réaltachta.
5.132 Má leanann p q, tig liom a bhaint de thátal as go bhfuil q ann, agus q a bhaint as p. Ní féidir nádúr an infeiris a thuiscint ach de réir an dá thairiscint. Níl de bhunús leis an infeireas ach amháin na tairiscintí féin. Níl ciall le "dlíthe an infeiris" mar atá siad le fáil i saothar Frege agus Russell, dlíthe atá in ainm is údarás a chur le hinfeiris, ach nach bhfuil gá leo.

Ciorcal Vín[athraigh | edit source]

Shíl Ciorcal Vín, tríd is tríd, nach raibh ciall ach le habairtí a d'fhéadfaí a fhíorú go heimpíreach, agus dá bhrí sin chaith siad an gnáthdhioscúrsa meitifisiceach agus eiticiúil i dtraipisí. B'in í an bharúil a bhí ag an bhfealsamh Rudolf Carnap, mar shampla. Shíl sé gurb éard a bhí le tuiscint as saothar Wittgenstein gur obair meitealoighiciúil í an fhealsúnacht agus í le déanamh ar son na heipistéimeolaíochta eolaí. Chum sé tionscadal comhréire loighiciúla agus é de chuspóir aige athchruthú foirmeálta réasúnaithe eolaígh a sholáthar d'fhealsúna chun go dtabharfaí léargás ar an difríocht idir bréagcheisteanna (a bhaineann le cúrsaí teanga) agus fíorcheisteanna eolaíocha (a bhaineann leis an saol ó taobh na teoirice de). Dá n-aithneofaí gur roghnú teanga a bhí i gceist i gconspóid b'fhéidir í a réiteach go praiticiúil.

Is dócha nach ionann tuairimí Heidegger agus bundearcadh Wittgenstein. Bhí bá aige siúd, mar shampla, le dearcadh Heidegger, ach lochtaigh Carnap saothar Heidegger go dian agus d'aithin gur mhór idir é féin agus Wittgenstein i gcúrsaí fealsúnachta. Deir Carnap go raibh cosúlacht idir dearcadh Wittgenstein i leith daoine agus fadhbanna agus dearcadh ealaíontóra nó fáidh. Ba dhóigh leat go dtagadh léirstean chuige mar a thiocfadh foilsiú diaga, agus ní chuirfeadh sé suas le haon dianscrúdú.

Rudaí abhus agus rudaí thall[athraigh | edit source]

Ní raibh d'aidhm ag Wittgenstein sa Tractatus meitealoighic a dhéanamh den fhealsúnacht (is dócha gur shíl sé gur chóir anailís teanga eolaí a fhágáil faoi na heolaigh féin) ach ábhar fealsúnach a dhéanamh de gach rud atá taobh amuigh den eolaíocht agus, dá bhrí sin, taobh amuigh den teanga. Scríobh sé go raibh bunús eiticiúil leis an leabhar, agus go raibh an leabhar roinnte ina dhá chuid: an ceann a bhí ann agus an ceann a bhí gan scríobh. Ba í an dara ceann úd an chuid ba thábhachtaí.

Deir 6.51 gur rud tarchéimnitheach í an eitic. Ní féidir í a scrúdú leis an teanga, ós saghas aestéitice í agus nach féidir í a chur in iúl. Thosaigh sé ag caint ar an toil, ar an saol eile agus ar Dhia, agus deir nach féidir trácht orthu gan drochúsáid a bhaint as an loighic. Ní bhaineann teanga na loighice ach leis an saol, agus níl ciall le haon díospóireacht faoi rudaí "misteacha," faoi rudaí atá lasmuigh de shaol na suibiachta meitifisiciúla. Is féidir a thuiscint as seo nach féidir an eitic, an mheitisic agus réimsí eile de chuid na fealsúnachta a phlé. Ní bhíonn brí lena leithéid d'iarracht, ná leis an iarracht a thugann seisean ar an teanga féin a mhíniú. Tugann sé le fios go gcaithfear an fhealsúnacht féin a chaitheamh i dtraipisí faoi dheireadh, mar nach mbaineann modhanna na loighice le pé rud atá lastall den saol.

Is le hadamhachas loighciúil an leabhair is mó atá iomrá, b'fhéidir:

Ní sa saol ach fíricí neamhspleácha adamhacha - cúrsaí áirithe atá ann - agus as iad seo a dhéantar fíricí níos toirtiúla.
Is éard atá sa teanga tairiscintí adamhacha agus ansin cinn níos mó a fhreagraíonn do na fíricí úd toisc go mbíonn an "fhoirm loighciúil" chéanna acu.
Déanann an machnamh na fíricí a "shamhlú" tríd an teanga.

De réir na teoirice seo, aon blúire teanga nach bhfreagraíonn d'fhíric (i.e. nach tairiscint é) caithfear é a rangú mar ráiméis. Ach , mar a deir Wittgenstein, tá an Tractatus féin déanta de bhréagthairiscintí:

6.54 Déanann mo chuid tairiscintí soiléiriú ar an dóigh seo: an duine a thuigeann mé aithníonn sé i ndeireadh na dála gur ráiméis iad tar éis do iad a úsáid - mar chéimeanna - chun dul suas tharstu. (Caithfidh sé, mar a déarfá, an dréimire a chaitheamh uaidh tar éis dó é a chur suas de.) Ní mór dó na tairiscintí a tharchéimniú agus ansin feicfidh sé an saol mar is ceart.

Cuireann sé béim arís ar an bpointe is tábhachtaí;

7 An rud nach féidir linn labhairt air caithfimid gan guth ar bith a thabhairt air.

B'fhéidir gur íoróin atá sa mhéid sin, nó bréagnú a rinneadh d'aonghnó chun léargas a thabhairt.

Eagráin[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Leaganacha Béarla ar líne
Leaganacha Gearmáinise ar líne

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. TLP 4.113