Tróndaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachTróndaigh
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa hOileáin Laistigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57°43′37″N 6°18′03″W / 57.7269°N 6.3008°W / 57.7269; -6.3008
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí0.65 (leithead) × 0.96 (fad) km
Achar0.38 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán beag sna hOileáin Istigh, Comhairle na Gàidhealtachd, é Tróndaigh (Béarla: Trodday). Tá sé suite lastuaidh den Eilean Sgitheanach. Tá sé timpeall is dhá chiliméadar ó Rubha na h-Aiseig i dTrondairnis. Tá an pointe is airde ar an oileán 45 méadar os cionn na farraige. Níl aon duine ina chónaí ann. Seo iad na comhordanáidí: 57° 43′ 32.88″ T agus 6° 17′ 58.92″ I.

Tháinig an t-ainm Tróndaigh as an tSean-Lochlainnis leis an gciall "Ceann Tíre Thrond".[1]

Tá teach solais i dTróndaigh a bhí tógtha sa bhliain 1908 ag Charles Alexander Stevenson.[2]

Ar an chéad lá de mhí an Mheithimh 2006, briseadh an long Brothers BF 138 ar an oileán. Níltear cinnte cad a tharla. Aimsíodh fear amháin ar chladach na tíre móire 18 Meitheamh 2006; bhí sé marbh. Tá an dara fear ar iarraidh fós. Bhí an Marine Accident Investigation Branch den tuairim den gur tharla an timpiste toisc gur éirigh na hiascairí róthuirseach.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]