Tróna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tróna

Is éard is tróna ann ná mianra gailíte atá comhdhéanta as hidrigindécharbónáit tríshóidiam agus uisce. Sna Stáit Aontaithe, tá an tróna chomh flúirseach is go n-úsáidtear mar amhábhar don tsóid é, in áit a bheith ag dul i dtuilleamaí phróiseas Solvay, arb é an gnáthphróiseas é sa tionsclaíocht le sóid a tháirgeadh. Is é an fosú is mó ar domhan an ceann atá le fáil in aice le Green River in iardheisceart Wyoming.