Toussaint Louverture

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Toussaint Louverture (a rugadh mar François-Dominique Toussaint ar 20 Bealtaine 1743 agus a cailleadh ar 7 Aibreán 1803). Eisean a bhí mar cheannaire ar Réabhlóid Saint-Domingue (Háítí). Aithnítear é mar an gcéad cheannaire gorm a bhuaigh ar fhórsaí impireachta coilíní Eorpaí ina thír féin.

Toussaint Louverture

A Óige[athraigh | edit source]

Afracach ba ea a sheanathair, Gaou-Guinou, a rugadh i mBéinean na hAfraice; tugadh a athair Hyppolyte chun Saint-Domingue (Háití) mar dhaor, agus is ann a rugadh Toussaint. Lig a mháistir dó léamh agus scríobh a fhoghlaim, agus saoradh é sa bhliain 1776, in aois a thrí bliana is tríocha. Chuaigh sé le feirmeoireacht agus daoir aige. Faoin am sin bhí sé pósta le bean shaor darbh ainm Suzanne agus bhí clann air, idir dhlisteanach agus neamhdhlisteanach.

Réabhlóid[athraigh | edit source]

Chuaigh Réabhlóid na Fraince i bhfeidhm go mór ar Saint-Domingue: chuir sí na huaisle áitiúla ag cuimhneamh ar neamhspleáchas agus an ísealaicme ag cuimhneamh ar chothroime. Sa bhliain 1791 d'éirigh daoir an tuaiscirt amach agus chuaigh Toussaint i bpáirt leis na Spáinnigh in oirthear na oileáin, áit ar fhoghlaim sé ceird na saighdiúireachta. Rug sé an chraobh leis arís agus arís sa chomhrac, trí mhíle fear á leanúint agus é ina ghinearál. Tháinig sé slán ó chomhcheilg agus sa bhliain 1774 thaobhaigh le húdaráis réabhlóideacha a tháinig ón bhFrainc. Idir an dá linn rinne reisimintí Briotanacha agus Spáinneacha ionradh ar an oileán, agus ríogaithe bána ag cabhrú leo. Bhuaigh sé ar na Spáinnigh agus ceapadh é mar leifteanantghinearál in Arm na Fraince.

Bhí Toussaint ag troid i gcónaí le hArm na Breataine, ach sa bhliain 1798 thréig siad an t-oileán, agus bheartaigh Toussaint ar dhul i réim mar an t-aon cheannaire amháin. Bhuail sé a choimhlinteoirí sa bhliain 1799 agus ghabh an chuid Spáinneach den oileán sa bhliain 1801. Ar 9 Bealtaine 1801 d’fhógair sé bunreacht neamhspleáchais a thug lánchumhacht dó lena shaol.

Chealaigh na Francaigh an daoirse sa bhliain 1793, rud a d’fhógair Toussaint féin cibé áit a ndeachaigh sé. Mar sin féin, rinne sé na plandálacha a chur ar siúl arís agus é ag iarraidh ar na coilínigh a theith a theacht ar ais. Chun an geilleagar a athneartú d’fhógair sé sa bhliain 1801 go mbeadh ar oibrithe gorma dul ag obair arís sna plandálacha, rud a spreag achrainn.

Na Blianta Deiridh[athraigh | edit source]

Dúirt Toussaint riamh go raibh sé dílis do rialtas na Fraince, ach bhí eagla ar Napóilean go gcaillfeadh sé coilíneacht shaibhir agus ghéill sé d’áiteamh na dtiarnaí móra talún agus na gceannaithe ar mhian leo an daoirse a chur ar bun arís. Sa bhliain 1802 rinne arm Francach ionradh ar an oileán faoi cheannas an ghinearáil Leclerc; bhí troid ghéar ann ach bhí na Francaigh an-láidir, agus shínigh Toussaint conradh a dúirt nach gcuirfí an daoirse ar bun arís.

Ba ghearr gur tógadh é as amhras comhcheilge agus ceannairce. Tugadh anonn go dtí an Fhrainc é, áit ar sacadh é i bpríosún i nDaingean Joux sa bhliain 1802. Fuair sé bás ann ar 7 Aibreán 1803 de bharr galrú fiaclach, de réir mar a dúirt an tuairisc chorpdhiosctha.

Sa bhaile thosaigh an troid arís; d’fhág na Francaigh Saint-Domingue/Háití, agus fógraíodh an neamhspleáchas ar 1 Eanáir 1804.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Bell, Madison Smartt, Toussaint Louverture: A Biography. Pantheon, New York 2007.
  • Cesaire, Aimé, Toussaint Louverture. Paris 1981.
  • Foix, Alain, Toussaint Louverture. Gallimard, "Folio Biographies" 2007.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]