Tornádó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tornádó gar d'Anadarko, Oklahoma

Cuaifeach fhíordhian dhorcha, ar chruth fóiséid, a chruthaítear le linn drochstoirm toirní. Dorcha, de bhrí go bhfuil sé lán de dheannach, galuisce is bruscar eile. Is measa milltí ar fad tornádó ná an bhunstoirm toirní. Taobh istigh de, tá an brú níos ísle ná brú an atmaisféir mórthimpeall air, agus mar sin, má ghabhtar teach le doirse is fuinneoga dúnta istigh ann, pléascann an teach. De ghnáth ní bhíonn bun an tornádó róleathan, idir méadar is cupla ciliméadar, agus ní dhéantar damáiste ach do limistéar tíre dá leithead sin. Tarlaíonn tornádónna os cionn na Machairí Móra sna Stáit Aontaithe go rialta, go minic san earrach is tús an tsamhraidh. Má thrasnaíonn tornádó loch nó farraige, cruthaítear buinne uisce de bhrí go súnn an t-isliú brú an t-uisce isteach ann. Bíonn gaotha móra, tintreach is báisteach throm i gcónaí ann chomh maith le tornado. Ní fios fós go cinnte cad iad na coinníollacha is gá chun tornádó a chur ar siúl, ach tá an dealramh ar an scéal gur gá aer tirim fuar, gaotha láidre go hard san atmaisféar, agus aer tais te go híseal. Éiríonn an t-aer te, agus brostaíonn aer isteach ar mhodh guairneach, cosúil leis an uisce ag rith amach as umar folctha.