Tony Cascarino
| Tony Cascarino | ||
|---|---|---|
| Eolas pearsanta | ||
| Dáta breithe | 1 Meán Fómhair, 1962 | |
| Áit breithe | Kent, Sasana | |
| Foirne mar imreoir | ||
| 1981-1987 1987-1990 1990-1991 1991-1992 1992-1994 1994-1997 1997-2000 2000 1985-1999 |
Gillingham Millwall Aston Villa Celtic Chelsea Marseille AS Nancy Red Star 93 Éire |
|
Is iar-imreoir sacair é Anthony Guy ("Tony") Cascarino (1 Meán Fómhair 1962 a rugadh é). Thosaigh "Cas" (mar a thugtar air uaireanta) ag imirt le Gillingham i Sasana. Bhog sé ar aghaidh go Millwall, áit a bhí sé féin agus Teddy Sheringham ina bpáirtnéirí tosaithe le chéile.
Uaidh sin chuaigh Cas ar aghaidh chuig Chelsea, áit nár éirigh ró-mhaith leis. Níor tháinig mórán feabhas ar chúrsaí dó nuair a ndeachaigh sé ó thuaidh chuig na Ceiltigh in Albain, shínigh sé do Liam Brady nuair a bhí seisean ina bhainisteoir. Níor éirigh ró-mhaith leis ach scóráil sé cúl amháin in aghaidh Rangers san Old Firm derby, rud a chabhraigh leis gaol níos fearr a bheith aige leis an lucht leanúna ansin ná mar a bhí le leantóirí Chelsea F.C., áit a fuair sé go leor ídiú.
D'imir Cascarino freisin leis an fhoireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann.