Tommaso Buscetta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coirpeoir ab ea Tommaso Buscetta (13 Iúil, 1928 - 4 Aibreán, 2000) a bhí ina bhall den Mhaifia, go dtí gur bhuail aithreachas é, agus é sásta iompú ina ollbhrathadóir nó pentito. Bhí sé ar an gcéad ollbhrathadóir a bhain leas as scéim chosanta na bhfinnéithe san Iodáil.

Saolaíodh Buscetta do lánúin bhocht i bPalermo a raibh seachtar duine déag de chlann acu roimhesean. Ba é dríodar an chrúiscín é. Ní nach ionadh, chuaigh sé le coirpeoireacht le héalú ó bhochtanas a mhuintire. Mhionnaigh sé móidí an Mhaifia nuair a bhí sé ocht mbliana déag d'aois. Ansin, bhíodh sé ag dúnmharú daoine thar cionn an Mhaifia.

Sa bhliain 1968, gearradh pionós ar Bhuscetta as ucht dúnmharú dúbailte agus é féin as láthair, nó ceadaíonn dlíthe na hIodáile a leithéid de bhreithiúnas máinneachtan. Cibé scéal é, b'éigean do Bhuscetta idir an Iodáil agus na Stáit Aontaithe a sheachaint ina dhiaidh sin. Shocraigh sé síos sa Bhrasaíl, áit a ndeachaigh sé le gnó na ndrugaí. Sa bhliain 1972, fuair údaráis na háite amach faoi, agus d'eiseachaid siad go dtí an Iodáil é. A thúisce is a tháinig sé abhaile, caitheadh i dtóin an phríosúin é leis an bpionós as an dúnmharú dúbailte a chur de. Sa bhliain 1980, agus cead aige tamall a chaitheamh taobh amuigh den phríosún, d'éalaigh sé arís go dtí an Bhrasaíl, nó bhí cogadh á chur ag lucht an Mhaifia ar a chéile, agus cuid mhaith de chomhghuaillithe Bhuscetta féin le bás a fháil a fhad is a mhairfeadh an fhaicseanaíocht seo.

Sa bhliain 1982, ruaigeadh Buscetta go dtí an Iodáil arís. Bhí sé i ndeireadh na péice, agus bhain sé triail as lámh a chur ina bhás féin sa phríosún. Nuair a chuaigh an iarracht de, shocraigh sé suas a intinn: d'admhaigh sé leis féin an col a bhí glactha aige leis an Maifia, go háirithe i ndiaidh an chogaidh inmheánaigh ar chuir Salvatore "Toto" Riina tús leis. Chuaigh sé ag labhairt le Giovanni Falcone agus é ag roinnt a chuid eolais ar chúrsaí Mhafia leis an mbreitheamh seo.

An fhianaise a thug Buscetta uaidh, chuidigh sí go mór mór leis na céadta de choirpeoirí a chur i bpríosún i lár na n-ochtóidí san Iodáil chomh maith leis na Stáit Aontaithe, Gaetano Badalamenti ina measc siúd. San Iodáil féin, chabhraigh sé go flaithiúil leis an mbeirt bhreithiúna cáiliúla úd Falcone agus Paolo Borsellino. B'eisean a bhí ina phríomhfhinné ag na trialacha "Maxi" san Iodáil a chuir trí chéad go leith de choirpeoirí sa phríosún.

Ar ndóigh, d'íoc a mhuintir a dheachú seo, nó nuair nach raibh an Maifia in ann an fear féin a mharú, himriodh díoltas ar aon duine a raibh gaol sách dlúth aige leis an bhfealltóir. Dúnmharaíodh ceathrar déag de dhaoine ar an t-aon chúis amháin gur daoine muinteartha de chuid Bhuscetta a bhí iontu.

In éiric na cabhrach seo, díolmhaíodh Buscetta féin ó phionós a chuid coireanna, agus ceadaíodh dó, mar chuid de scéim chosanta na bhfinnéithe, dul go dtí na Stáit Aontaithe, ainm bréige a ghlacadh air agus a raibh fágtha dá shaol a chaitheamh thall ansin. Deirtear freisin go ndeachaigh sé faoi lansa an mháinlia phlaistigh, lena cheannaithe a chur as aithne d'aon dúnmharfóir a bheadh ag féachaint le díoltas na brathadóireachta a imirt ar Bhuscetta. Bhí sé sásta dul faoi agallamh ó am go ham, ar acht nach dtaispeánfaí a aghaidh nua ar an bpictiúr. Bhí sé go minic ag gaisciúlacht faoina chuid éachtaí mar fhear mór ban, agus d'inis sé gur cuireadh a bhallraíocht sa Mhaifia ar fionraí, tráth, mar phionós as adhaltranas a rinne sé.

Ba dual do Bhuscetta peaca na baoise, mar sin, ach is é an bharúil a bhí ag na breithiúna is na póilíní de gur fear múinte a bhí ann agus bua na hintleachta aige. Ó am go ham, bhíodh Buscetta ag teacht salach air féin ina chuid scéalaíochta. Mar sin, d'fhéadfadh sé a rá, lá, nach raibh lámh ar bith aige i ngnó na ndrugaí, agus lá eile, nach raibh oiread is aon duine sa Mhaifia nach raibh taithí aige ar dhíoltóireacht na ndrugaí. Bhí cúiseanna intuigthe leis an gcineál seo braiteoireachta, áfach. Sna hochtóidí, mar shampla, dhiúltaigh sé a dhath a rá i dtaobh chaidreamh polaiteoirí áirithe, cosúil le Giulio Andreotti agus Salvo Lima, leis an Maifia. Sna nóchaidí, áfach, d'admhaigh sé go raibh a leithéid de chaidreamh ann, agus is é an míniú a thug sé ná go raibh na polaiteoirí áirithe sin i seilbh na cumhachta i gcónaí sna hochtóidí, agus eagla air go bhféadfaidís dúnmharfóir a chur ar a lorg, beag beann ar an tslándáil a sholáthair scéim chosanta na bhfinnéithe dó.

Shíothlaigh Buscetta go síochánta in áit éigin nach eol dúinn sna Stáit Aontaithe, sa bhliain 2000. Bhí sé aon bhliain déag thar thrí scór d'aois. Níor éirigh leis an Maifia fáil amach faoin áit a raibh cónaí air.