Tomhsaire Pirani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Braiteoir Pirani, ar oscailt

Ionstraim chun céim folúis a thomhas atá i dtomhsaire Pirani. Bíonn sreang chaol, téite go leictreach, sa soitheach, i gcothromaíocht ar dtús. Ach cailleann sí teas níos tapa nó níos moille de réir mar a mhéadaíonn nó a laghdaíonn an brú. Dá thoradh sin athraíonn friotaíocht na sreinge, agus is tomhas an voltas trasna na friotaíochta athraithí seo ar na hathruithe sa bhrú (ach an sruth a choimeád tairiseach). Cheap Marcello Pirani an tomhsaire Pirani sa bhliain 1906.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tomhsaire Pirani". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 520.