Tomhasteoiric

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teoiric sa mheicnic chandamach ina bhfreagraíonn na hidirghníomhuithe do thrasfhoirmithe siméadrachta ar leith i leith cothromóidí bunúsacha na teoirice. Sa bhfisic núicléach is fisic na gcáithníní, tá gá le teoiricí candamthomhsaire ina bhfuil na hidirghníomhuithe idir na cáithníní fonúicléacha gaolmhar le caomhnú na n-airíonna siméadrachta ag gach pointe sa spás is an t-am. Is teoiricí candamthomhsaire iad leictridinimic chandamach, crómaidinimic chandamach, agus teoiric Glashow-Weinberg-Salam. Sa leictridinimic chandamach, freagraíonn an coinníoll go mbeidh imchoimeád an luchta leictrigh ag gach pointe sa spás is an t-am don idirghníomh a bhraitear idir fótóin is cáithníní luchtaithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tomhasteoiric". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 669.