Tom Waits

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTom Waits

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Thomas Alan Waits
7 Nollaig 1949
74 bliana d'aois
Pomona, California, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Hilltop
O'Farrell Community School (en) Aistrigh
Southwestern College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, pianódóir snagcheoil, scríbhneoir, cumadóir, amhránaí, aisteoir, giotáraí snagcheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1973 –
SeánraRac-cheol
TeangachaBéarla
Cineál guthaBaratón

UirlisPianó, ceol gutha, giotár agus Ceileiste
Lipéad ceoilAsylum Records
Island Records
Epitaph Records
Anti- Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileKathleen Brennan Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáintomwaits.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001823 Allocine: 5447 Rottentomatoes: celebrity/tom_waits Allmovie: p115730 TV.com: people/tom-waits IBDB: 89787
Facebook: tomwaits Twitter: tomwaits Bandcamp: tomwaits Spotify: 7x83XhcMbOTl1UdYsPTuZM iTunes: 83964 Last fm: Tom+Waits Musicbrainz: c3aeb863-7b26-4388-94e8-5a240f2be21b Songkick: 14561 Discogs: 82294 Allmusic: mn0000615119 Deezer: 1128 Cuir in eagar ar Wikidata


Is ceoltóir, cumadóir agus aisteoir é Thomas Alan Waits. Saolaíodh Waits ar an 7 Nollaig 1949 i bPomona, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Waits mar doirseoir ag an gclub oíche Heritage i San Diego sna 1970í, áit a bhí gach saghas ceoltóir ag seinm ann. Bhí Tom Waits tógtha lena lán ceoltóirí agus scríbhneoirí éagsúla, Bob Dylan, Lord Buckley, Hoagy Carmichael, Marty Robbins, Raymond Chandler, agus Stephen Foster. Thosaigh sé ag cothú a stíl féin, ag nascadh amhrán agus monalóg agus chuir sé an stíl nua i bhfeidhm gach oíche Luain ag an Troubadour i Los Angeles, áit a bhí a lán ceoltóirí ag fanacht i líne don lá ar fad le bheith ar an stáitse. Go gairid tar éis é sin, i 1971, thosaigh Waits ag taifeadadh i Los Angeles nuair a shíniú sé conradh le Herb Cohen agus Asylum Records, fear a bhí mar bhainisteoir Frank Zappa. Bhí Tom Waits 21 ag an am.

Tar éis a lán seisiún deacra, scaoileadh Waits a chéad albaim Closing Time sa bhliain 1973. Cé go raibh na léirmheasanna go maith, ní bhfuair sé aire forleathan go dtí gur rinne na Eagles leagan nua d'amhrán Waits "Ol' 55" ar a albaim nua On The Border sa bhliain 1974.

Thosaigh Tom Waits ag turas le ceoltóirí mar Charlie Rich, Martha and the Vandellas agus Frank Zappa. Cothaíodh Waits lucht leanúna dílis leis an albaim The Heart of Saturday Night sa bhliain 1974, thaispeáin Waits a chúlra mar cheoltóir club oíche, le caint agus canadh le snagcheol mar cheol sa chúlra.

Rinne Waits taifeadadh don albaim Nighthawks at the Diner os comhair lucht féachana leis an atmaisféar beo a chothú, léiríonn an albaim an tréimhse seo ina slí bheatha, mar aon le eadarlúidí ina mbíonn Waits ag caint idir na amhráin. Agus é ag caint ar cheol an tréimhse sin dúirt Waits "I wasn't thrilled by Blue Cheer, so I found an alternative, even if it was Bing Crosby."[1] Curtha i gcartlann 2006-03-20 ar an Wayback Machine

Rinneadh an albaim 'Small Change' i 1976, leis an drumadóir cáiliúil Shelly Manne. Bhí go leor tionchar Jazz san albaim, agus is le hamhráin mar "The Piano Has Been Drinking" agus "Bad Liver and a Broken Heart" a tháinig clú ar Waits don saol drabhlásach. Bhí stíl liriciúil ag Waits a tháinig ó thionchar Raymond Chandler agus Charles Bukowski.

Leaschraol is mó cáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Eolas speisialta Íomhá
1973 Closing Time
1974 Heart of Saturday Night
1975 Nighthawks at the Diner Beo
1976 Small Change
1977 Foreign Affairs
1978 Blue Valentine
1980 Heartattack and Vine
1982 One From the Heart Fuaimrian don scannán One From the Heart
1983 Swordfishtrombones
1985 Rain Dogs
1987 Franks Wild Years Comhoibriú lena phairtnéir Benoît Christie
1988 Big Time CD beo, scannán, leaschraol dlúthdhiosca
1992 Night on Earth Fuaimrian don scannán Night on Earth
1992 Bone Machine Bhain sé an Grammy Award for Best Alternative Music Album
1993 The Black Rider Comhoibriú le Wm. S. Burroughs
1999 Mule Variations Bhain sé an Grammy Award for Best Contemporary Folk Album
2002 Blood Money
2002 Alice
2004 Real Gone
2006 Orphans
2009 Glitter and Doom Live Beo
2011 Bad as Me

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]