Tom Munnelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bailitheoir cumasach amhrán traidisiúnta ab ea Tom Munnelly (25 Bealtaine 1944 - 30 Lúnasa 2007) Is i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath a rugadh é agus chuaigh sé ar scoil ar Cheardscoil Bhóthar an Chlochair. Agus é gan ach cúig bliana déag d’aois, d'fhág sé an scoil agus chuaigh sé ag obair i monarcha teicstílí.

Ag bailiú amhrán Béarla[athraigh | edit source]

Bhí spéis ag Tom in amhráin phobail ó bhí sé ina dhéagóir. D’eascair an spéis seo óna thaithí ar sheisiúin amhránaíochta i measc a phobail áitiúil agus ó bheith ag campáil leis na gasóga. Theastaigh ó Tom cur lena stór amhrán féin – ba bheag cnuasach amhrán dúchasach a bhí foilsithe ag an am – agus thosaigh sé ag bailiú amhrán ar ghléas taifeadta ón tréimhse luath sin. Amhráin i mBéarla gan tionlacan ceoil a bhí á mbailiú aige. Tar éis do Tom Munnelly gluaisteán a fháil i 1964, thóg sé an bóthar air féin agus thosaigh sé ag bailiú níos faide ó bhaile. Cleachtadh amháin a bhí aige ná bualadh isteach go teach tábhairne áitiúil, cibé áit ina raibh sé, agus fiafraí den dream istigh an raibh aithne acu ar aon duine a bhíodh ag casadh seanamhrán. Is minic a fuair sé daoine a bhí toilteanach amhrán a chanadh dó, nó ar a laghad fuair sé tuairisc ar sheandhuine éigin sa cheantar a raibh amhráin aige nó aici.

John Reilly[athraigh | edit source]

Nuair a bhí Tom amuigh ar cheann de turais bhailiúcháin seo, ar a chonláin féin i 1965, tharla eachtra suntasach dó; casadh John “Jacko” Reilly air i gContae Ros Comáin. Duine den lucht siúil a bhí i John Reilly agus bhí sé in ísle sláinte agus beo bocht nuair a bhuail Tom leis. Mar sin féin bhí saibhreas iontach amhrán aige agus an-ghlór aige le hiad a chasadh. Bhí an-tionchar ag amhránaíocht John ar Tom sa mhéad is gur threoraigh sé é go láidir i dtreo an amhráin dhúchasaigh seachas na hamhráin folk a bhí go mór i réim ag an am, agus a raibh an-tóir ag Tom orthu go dtí sin. Chas John Reilly bailéad “The Maid and the Palmer” do Tom, cé gur thug seisean “The Well Below the Valley” air. Bhí trácht i lámhscríbhinn ar an mbailéad seo ach níor bailíodh é sa traidisiún béil le 150 bliain anuas, agus níor bailíodh in Éirinn riamh roimhe sin é. Tá an t-amhrán sin anois go láidir i dtraidisiún na tíre seo, agus cáil idirnáisiúnta air freisin, toisc gur eisigh Christy Moore é tar éis dó leagan John Reilly a chloisteáil.

Thar na blianta thaifead Christy Moore, Sinéad O’Connor agus daoine eile nach iad amhráin eile de chuid John Reilly, “The Raggle Taggle Gypsy” agus “Lord Baker” ina measc. Faraor géar níor mhair John i bhfad i ndiaidh dó casadh le Tom – fuair sé bás i 1969 in aois a 44. Sa bhliain 1978 eisíodh na taifid úd a rinne Tom Munnelly de John Reilly ar an gceirnín The Bonny Green Tree – Songs of an Irish Traveler.

Cúntóir taighde[athraigh | edit source]

Casadh bailitheoirí ceoil agus béaloidis eile ar Tom agus é i mbun a chuid oibre agus beirt a thug spreagadh dó ach go háirithe ab ea Séamus Ennis agus Bert Lloyd. Chuireadar siúd Tom in aithne don scoláire oirc Meiriceánach D K Wilgus, Ollamh le hAmhráin Tíre Angla-Mheirceánacha in Ollscoil California, Los Angeles. Ba chruinniú cinniúnach é sin mar fuair Tom post mar chúntóir taighde ag obair le Wilgus ó 1969 go 1971 as. Bhí sé fós ag obair sa mhonarcha ach tar éis dó lá oibre a chuir de théadh sé ag obair ar chlárú, cur síos agus innéacsú a dhéanamh ar na hamhráin a bhí bailithe i 1,750 lámhscríbhinn de chuid Choimisiún Béaloideasa Éireann. Tar éis na blianta a chaitheamh ag saothrú sa ghort ar a chostas féin agus in a am saor féin, bhí sé á íoc anois chun taighde a dhéanamh ar na hamhráin a raibh an oiread sin geana agus eolais aige orthu.

Tháinig casadh níos fearr fós sa scéal mar i 1971 chuir an Roinn Oideachais Scéim Bailiúcháin Ceoil ar bun agus bhí an píobaire Breandán Breathnach mar stiúrthóir air. Bhí aithne aige sin ar Tom Munnelly agus eolas ar a chuid oibre agus thairg sé post do Tom mar an chéad bhailitheoir lánaimseartha amhrán ar an scéim áirithe sin. Bhí Tom in ann éirí as an obair sa mhonarcha agus aird iomlán a thabhairt ar bhailiú amhrán.

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath[athraigh | edit source]

I 1975 aistríodh an scéim agus an bailiúcháin ceoil agus amhrán seo ón Roinn Oideachais go dtí Roinn Bhéaloideas Éireann (comharba ar Choimisiún Béaloideasa Éireann 1935-1971) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. De bharr an aistrithe seo thosaigh Tom ag léachtóireacht ar thraidisiún amhránaíochta na hÉireann mar chuid den chúrsa céime sa mbéaloideas. Bhí scil agus bua ar leith ag Tom mar léachtóir. Ní hamháin go raibh eolas thar na bearta aige faoin ábhar ach bhí fuinneamh agus carasma aige a ghríosaigh an lucht éisteachta le grá agus meas ar thraidisiún na n-amhrán dúchasach; duine géarchúiseach agus fíorghreannmhar ab ea Tom freisin agus de réir a chéile scaip clú agus cáil air agus bhí síoréileamh air mar léachtóir sna Stáit Aontaithe agus ar fud na hEorpa ag comhdhálacha agus ag féilte ceoil iomadúla.

Cé go raibh Tom Munnelly ag léachtóireacht san ollscoil bhí sé ag bailiú leis i gcónaí agus sa mbliain 1978 d’aistrigh sé ó Bhaile Átha Cliath agus chuaigh sé chun cónaithe i gContae an Chláir go buan i dtreo is go bhféadfadh sé díriú ar an obair bhailiúcháin. As sin amach ba é Tom an t-aon bhailitheoir lánaimseartha seachtrach a bhí fostaithe ag Roinn Bhéaloideas Éireann. Rinne sé breis agus 1,500 taifeadadh d’amhráin, béaloideas agus ceol. Tá breis is 20,000 amhrán sa bhailiúchán sin agus tá cáil ar Tom gurb eisean a chnuasaigh an bailiúchán amhrán is mó a rinne duine aonair riamh; chruthaigh sé córas innéacsaithe, bunaithe ar chóras innéacsaithe G Malcolm Laws, le dul in oiriúint do thraidisiún na hÉireann agus rinne sé obair éachtach ag déanamh trascríobh ar na hamhráin freisin.

Taobh amuigh den obair a rinne Tom mar bhailitheoir le Roinn Bhéaloideas Éireann (nó Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD mar a thugtar anois air), bhí sé gafa go huile agus go hiomlán le saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn i gcoitinne. Bhí Tom flaithiúil, lách lena chuid eolais agus go mion minic ní raibh le déanamh ach glaoch air le ceist faoi véarsa amhráin nó leagan neamhchoitianta éigin agus bhíodh an t-eolas ar bharr a ghoib aige. Bhí cuimhne dhochreidte aige is mó fadhb chasta a réitigh sé i bpreabadh súl; bhí sé mar a bheadh “Google” na linne seo i bhfad sula raibh caint ar a leithéid.

Taobh amuigh de na hailt agus foilseacháin cheoil a scríobh sé, na ceirníní a d’fhoilsigh sé agus na léachtaí, craolacháin agus comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta a raibh páirt aige iontu, bhí Tom Munnelly sáite i ngach réimse de cheol tíre na nÉireann, nach mór.

1970[athraigh | edit source]

In éineacht le Breandán Breathnach, Seóirse Bodley agus an Dr Hugh Shields, bhunaigh sé Cumann Ceoil Tíre na hÉireann. Bhí sé mar bhall coiste go deireadh a shaoil.

1978 – 1991[athraigh | edit source]

É ina chathaoirleach ar Scoil Samhraidh Willie Clancy, ar a bhfreastalaíonn breis is míle duine chuile bhliain.

1981[athraigh | edit source]

Toghadh ar Choiste Comhairleach na Comhairle Ealaíon um Chartlann Ceoil Tíre na hÉireann.

1982 – 1991[athraigh | edit source]

Do bhunaigh agus reáchtáil sé an Cumann le Béaloideas agus Ceol Tíre an Chláir.

1983 – 1985[athraigh | edit source]

Mar bhall ainmnithe ar bhord na Comhairle Ealaíon d’Ealaíona an Iarthair Láir.

1985 – 1988[athraigh | edit source]

Ina bhall de Chomhairle Ealaíon na hÉireann.

1988 – 1993[athraigh | edit source]

Ina chathaoirleach ar bhord Taisce Ceoil Dúchais na hÉireann. É ina bhall den bhord go deireadh a shaoil.

1990 go deireadh a shaoil[athraigh | edit source]

Bunaitheoir agus cathaoirleach ar Fhéile Amhránaíochta an Chláir.

Dioscliosta[athraigh | edit source]

Taifeadtaí déanta ag Tom Munnelly

  • "The Bonny Green Tree - Songs of an Irish Traveller" (John "Jacko" Reilly) 1978
  • "Paddy's Panacea: Songs Traditional In West Clare" (Topic, 1978)
  • "Songs of the Irish Travellers" (ealaíontóirí éagsúla) (1983)
  • "The Mount Callan Garland: Songs from the repertoire of Tom Lenihan of Knockbrack, Miltown Malbay, County Clare" (1994) - leabhar agus téip

Leabharliosta[athraigh | edit source]

  • "Breandan Breathnach" (2002) le Tom Munnelly agus Nicholas Carolan

Tagairtí[athraigh | edit source]