Tomás Ruiséil (tírghráthóir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Plaic chuimhneacháin, Iarsmalann Chontae an Dúin, Dún Pádraig,

Bhí Tomás Ruiséil (Béarla: Thomas Paliser Russell) ina chomhbhunaitheoir agus ina cheannaire ar na hÉireannaigh Aontaithe. Rugadh é ar an 21 Samhain 1767 agus cuireadh é chun báis ar an 21 Deireadh Fómhair 1803, de thoradh ar an pháirt a ghlac sé in Éirí Amach 1798.

Cúlra[athraigh | edit source]

I nDrom Atháin (Dromahane sa Bhéarla), Contae Chorcaí a rugadh é. B'Anglacánaigh a chuid tuismitheoirí. Bhí a athair agus a dheartháir, beirt, ina n-oifigigh in Arm na Breataine. Seán Ruiséil an t-ainm a bhí ar a athair agus ba í Maighréad Ní Chinnéide, bean de shliocht Caitliceach a díshealbhaíodh, a mháthair. D'aistrigh siad go Baile Átha Cliath sna 1780í nuair a ghlac Seán post ag an Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann. Liostáil Tomás sa bhliain 1783, nuair a bhí sé thart ar aois a 15, agus bí sé ar fiannas san India ar feadh beagnach cúig bliana. D'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1786 agus chuaigh sé i mbun staidéir san eolaíocht, sa bhfealsúnacht agus sa pholaitíocht. I Mí Iúil na bliana 1790 bhuail sé le Theobald Wolfe Tone in áiléar na gcuairteoirí i dTeach na dTeachtaí i mBaile Átha Cliath agus d'éirigh siad cairdiúil le chéile.

An Ruiséalach i mBéal Féirste[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1790, atosaigh sé a ghairm míleata mar oifigeach sóisearach san 64ú Reisimint Choisithe ('64th Regiment of Foot' sa Bhéarla), a bhí lonnaithe i mBéal Feirste.

Bhí tionscail rathúil an línéadaigh agus na teicstíle agus pobail loingis thráchtála i mBéal Feirste ag an tréimhse seo agus ghlaoití 'Aithin an Tuaiscirt' uirthi.

Mar oifigeach garastún, bhí rochtain ag an Ruiséalach ar an aicme nua gairmiúla agus gnó a bhí ag teacht chun cinn. Ba radacaithe iad cuid mhaith de na daoine seo, (Preispitéirigh a bhí eisiata ón Chinsealacht mar gheall ar a gcreideamh. Beannaíodh Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789 le croí agus aigne i mBéal Feirste, mar a bhí idéalacha na saoirse, an chomhionannais, agus an bhráithreachais a bhí cónasctha leis an Réabhlóid.

Mar gheall ar a aigne ghéar agus a smaointí radacacha, ba ghearr go raibh an Ruiséalach cairdiúil le Henry Joy McCracken, James Hope, Samuel Neilson agus daoine eile a bhí le ról suntasach a ghlacadh i gCumann na nÉireannach Aontaithe. D'fhorbair siad as lámha a chéile, smaointe athchóiriú parlaiminte, a chuirfí san áireamh an chuid is mó de na daoine, agus a d'fhuasclófaí na gCaitliceach.

D'fág Tomás an arm i Mí Iúil 1791 agus d'fhreastail sé ar choinbhinsiún ar an Chlub Whig i mBéal Feirste, i gcomhair cheiliúrtha 'Lá Bastille'. B'é William Drennan a thug an t-aitheasc ag an choinbhinsiún agus mhol sé don lucht éisteachta 'bráithreachas', a bhéas mar aidhm aige "cur chun cinn scaradh ó Shasana agus comhoibriú leis [[Coiste Caitliceach|gCoiste Caitliceach], a bhí ag an éirí níos radacaí , sa tóir ar leasaithe polaitiúla agus sóisialta.

Eolas atá ar fáil in Iarsmalann Chontae an Dúin, Dún Pádraig, Contae an Dúin, Lúnasa 2009

Mar sin féin, thug Tomás faoi deara an easpa muiníne idir Easaontóirí agus Caitlicigh a bhí bunaithe ar eagla go bhféadfaí raidiciúlacht na gCaitliceach a cheannach amach ag lamháltais creidimh.

Roinn sé a bharúlacha le Wolfe Tone, agus i gceann cúpla seachtain d'fhoilsigh Tone a "Argument on Behalf of the Catholics of Ireland" chun aghaidh a thabhairt ar na buarthaí. Cuireadh fáilte agus céad roimh phaimfléad Tone agus thug sé spreagadh do bhunú Chumann na nÉireannach Aontaithe. i mBéal Feirste sa bhliain 1791. B'é cuspóir cuspóir na heagraíochta ná leasú bunreachtúil, aontas i measc mhuintir na hÉireann agus deireadh a chur le gach dícháilíochtaí creidimh.

Éireannach Aontaithe agus leasaitheoir[athraigh | edit source]

I Mí Eanáir 1794, ghlac an Ruiséalach post mar leabharlannaí leis an 'Chumann Bhéal Feirste le haghaidh Eolas a Spreagadh' (nó an Belfast Society for Promoting Knowledge, sa Bhéarla); athainmníodh an eagraíocht seo mar 'Halla an Línéadaigh' ina dhiaidh sin. Thug a stádas mar leabharlannaí cead dó leanúint ar aghaidh ag forbairt a smaointí le haghaidh na nÉireannach a bhfuascailt, cé go raibh na húdaráis Bhriotanach i mBaile Átha Cliath ag éirí níos eolasaí faoi ghníomhaíochtaí agus chreidimh an Ruiséiligh agua a chuid cairde. Ina dhiaidh sin, de réir mar a bhí na réabhlóidithe ag lorg dúshláin a thabhairt do lonnaíocht nó d'forghabháil na Breataine in Éirinn, chuirfí brú ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath iachall ar ghluaiseacht na nÉireannach Aontaithe iad féin a iompú ina n-eagraíocht fholaitheach,

Roimh imeacht Wolf Tone go Meiriceá, sa bhliain 1795, chuaigh Tone, an Ruiséalach, Henry Joy McCracken agus Samuel Neilson i gceannas ar ghasra na nÉireannach Aontaithe, a shiúil go barr Bhinn Uamha, atá os cionn na cathrach, áit ar ghlac siad mionn "never to desist in our effort until we had subverted the authority of England over our country and asserted her independence". Thug Caisleán Bhaile Átha Cliath faoi deara cad a tharla san eachtra seo, ach ní dhearna siad aon iarracht chun na comhcheilge a chosc.