Tomás Bairéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Bairéad
Beathaisnéis
Breith1893
Bás1973
79/80 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Údar agus náisiúnaí Éireannach ba ea Tomás Bairéad (1893 – 1973).[1]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Bairéad, mac le scológ, i ngiorracht do Mhaigh Cuilinn Contae na Gaillimhe. Liostáil sé le hÓglaigh na hÉireann sa bhliain 1913 agus bhí ina óglach de chuid Arm Poblachtach na hÉireann go gairid ina dhiaidh sin. Na chéad scríbhinní dá chuid atá againn is sa The Galway Express sa bhliain 1918 a foilsíodh siad. Sa bhliain 1922 chuaigh sé leis an Neamhspleách Éireannach, áit a mbíodh sé ag scríobh ar chúrsaí polaitíochta, is bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán níos faide anonn sa bhliain 1945. Agus é ag obair leis an Irish Independent bronnadh Duais Acadamh Litríochta na hÉireann air sa bhliain 1938. Chum Bairéad a chineál féin gearr-scríofa. D'áitigh dlúthchara dá chuid Máirtín Ó Cadhain air cúl a thabhairt do an hÓglaigh le luí isteach i gceart ar an scríbhneoireacht. [2]

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh cnuasach litreacha idir é féin is Ó Cadhain faoin teideal As an nGéibheann: litreacha chuig Tomás Bairéad sa bhliain 1973.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]