Tomás Ó Fiaich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Ó Fiaich

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Samhain 1923
Coilleach Eanach, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Bealtaine 1990
66 bliana d'aois
Toulouse, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaArdeaglais Phádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Cairdinéal
30 Meitheamh 1979 – 8 Bealtaine 1990
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha
2 Deireadh Fómhair 1977 –
← William John ConwayCahal Daly (en) Aistrigh →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Má Nuad
Coláiste Pheadair, Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeaspag Caitliceach (1977–), sagart Caitliceach (1948–) Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirSeanchas Ard Mhacha (1954–1977) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
CoisreacanGaetano Alibrandi Cuir in eagar ar Wikidata


Find a Grave: 5887385 Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire agus Cairdinéal ab ea Tomás Ó Fiaich (3 Samhain 19238 Bealtaine 1990).

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCoilleach Eanach i gContae Ard Mhacha in Éirinn é an 3 Samhain 1923. Tógadh é i gCamloch. Múinteoirí a thuismitheoirí, Pádraig Ó Fiaich agus Áine Ní Fhearchair, agus bhí mac eile acu, Pádraig.[1] Cailleadh an mháthair nuair nach raibh ach ocht mbliana d’aois ag Tomás; deirfiúr an athar a thug aire don teaghlach ina diaidh. Fuair sé bunscolaíocht sa Chreagán Dubh mar a raibh a athair ina phríomhoide agus is ann a mhúscail múinteoir óg a spéis sa Ghaeilge

Chuaigh sé chun na hollscoile i Maigh Nuad, Cill Dara agus léann Ceilteach á dhéanamh aige don BA.

Cuireadh é go Coláiste Pheadair, Loch Garman, agus is ann a oirníodh ina shagart é ar 6 Meitheamh 1948.

Chaith sé tamall ag obair ina dheoise féin r i bparóiste an Mhaí i dTír Eoghain. Rinne sé staidéar iarchéime agus ghnóthaigh sé céim M.A. i Stair na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Rinne sé staidéar ó 1950 go dtí 1952 in ollscoil Lováin na Beilge. Ghnóthaigh Lic.Sc.Hist. lena thráchtas ‘The Church in Armagh under lay control’;

Fuair sé post mar léachtóir staire in Ollscoil Mhaigh Nuad sa bhliain 1953.

Ceapadh ina Ollamh le "Nua-stair na hÉireann" é sa bhliain 1959.

Bhí sé ina leasuachtarán ar an gColáiste ó 1970 go 1974, agus ina Uachtarán ina dhiaidh sin.

Ardeaspag agus Cairdinéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Armas

Cheap an Pápa Pól VI Tomás Ó Fiaich ina Ardeaspag ar Dheoise Ard Mhacha agus Éarlamh na hÉireann Uile ar an 18 Lúnasa 1977. Eisean a bhí ina chomharba ar an gCairdinéal William Conway. Ba é rogha chléir Ard Mhacha é mar ardeaspag.

Rinneadh Cairdinéal de an 30 Meitheamh 1979.


Na Trioblóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain conspóid lena cheapachán mar gheall ar a dhílseacht dá dhúiche féin, dúiche a bhí sáite sna trioblóidí idir Poblachtánaigh, Dílseoirí agus Arm na Breataine lena linn. "bhí Ó Fiaich gafa idir thine an dá arm, é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dá thaobh, an IRA agus rialtas na Breataine agus Aontachtaithe Uladh" (ainm.ie). Samhlaíodh do rialtais na Breataine agus na Poblachta go raibh Ó Fiaich ró-bháúil leis na 'Sealadaigh'.

Gaeilge agus saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cionn Caslach

Ó na 1950idí ar aghaidh bhí Ó Fiaich ar dhuine de mhórphearsana athbheochan na Gaeilge.[1] Throid sé go láidir in aghaidh naimhde na Gaeilge le linn dó a bheith i Maigh Nuad, agus chuir sé go mór le scoláireacht na teanga lena linn chomh maith.

Bhí aithne mhaith air i nGaeltacht Thír Chonaill agus is iomaí lá a chaith sé ar cuairt inti.

D’fhoilsigh sé i rith 1960-79:

  • Gaelscrínte i gcéin (1960) (eagrán nua faoin teideal Gaelscrínte san Eoraip, 1986); Irish cultural influences in Europe (1966);
  • Leabhar Aifrinn don phobal (1966) (aistriúchán ar The people’s Mass book);
  • Imeacht na nIarlaí (1972) (le Pádraig de Barra);
  • Má Nuad (1972);
  • Art Mac Cooey and his times (1973); Art Mac Cumhaigh: dánta (1973);
  • Columbanus in his own words (1974);
  • Oliver Plunkett: Ireland’s new saint (1975); Oilibhéar Pluincéid (1976);
  • Art Mac Bionaid: dánta (1979) (i gcomhar le Liam Ó Caithnia).
Cionn Caslach

Ba é a bhí ag cabhrú le Pádraig Ó Fiannachta chun leabhair an Tiomna Nua a stiúradh tríd an gcló.[1]

Scannail ghnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a fhios ag Tomás Ó Fiaich faoi na scannail ghnéis (Fr. Sean Fortune srl). Ach ní raibh siad san fhearann poiblí i ndáiríre nuair a bhí sé ina Chairdinéal.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a bheathaisnéis scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Tomás Ó Fiaich (1990) agus Billy Fitzgerald, Father Tom: an authorised portrait of Father Tomás Ó Fiaich (1990)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 ainm.ie. "Tomás Ó Fiaich". Dáta rochtana: LÚNASA 2018.