Tomás Ó Caiside

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Ó Caiside
Beathaisnéis
Breithc. 1700
Básc. 1749
48/49 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre(Floruit: 1750)
TeangachaAn Ghaeilge
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine

Manach, saighdiúir agus file ba ea Tomás Ó Caiside (An Caisideach Bán) (c. 1700 – c. 1749).[1]

Is dócha gur i nDriseachán in aice leis an gCaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin a rugadh é. B’as Contae Fhear Manach dá shinsir. Deirtear gurbh é Eoghan Ó Caiside, mac le hÉamonn Odhar, a athair. B’fhéidir go raibh cúpla deartháir aige.

Chuaigh sé isteach sna hAgaistinigh, a raibh clochar acu i mBéal Átha hAmhnais. Díbríodh é, agus is éard atá le tuiscint ó na hamhráin gurbh é a phósadh ba chúis leis. Deir sé in Eachtra Thomáis Mhic Chaiside (scéal a bheatha) gur shiúil sé Éire sular fuadaíodh é agus gur díoladh é le hoifigeach Francach in aice le Strasburg.

Chaith sé roinnt blianta ina shaighdiúir. Throid sé i gCogadh Chomharbacht na Polainne (1733–34) agus d’éalaigh, ach cuireadh isteach in arm na Prúise ina dhiaidh sin é. Thréig sé an t-arm sin agus is iomaí contúirt a chuir sé de sular bhain sé Hamburg amach agus ansin Briostó. Tar éis dó cúpla seachtain a chaitheamh in arm Shasana d’éalaigh sé le beirt eile, agus faoi dheireadh thiar thall bhain sé Cionn tSáile amach.

Dhealraíonn sé gur thug sé tamall eile sna hAgaistinigh ach chuaigh sé ar seachrán arís ar fud na tíre:

Rinne mé síolchur trí shléibhte agus mionlathacha na hÉireann le falradh feadóg ag innsint seanscéalta, ag fiannaíocht agus ag briadaíocht is ag síogaíocht, is ag cliaraíocht is ag rannaireacht, sealad ag staraíocht agus ag abhlóireacht, tamall ag fidléireacht is ag trumpóireacht, ag dordánacht is ag breallánacht is ag feadánacht, agus ag ól Sheebang nó Mundungus.... Bhaininn stiall den aimsir in gach áit dá mbinn ag fuaimthoirnigh seanmóire, is gan seanmóir ag altóir ba mhó ná mé féin, ina dhiaidh sin ag stealladh mo dhéirce le fireannacha agus baineannacha doscúcha na bpoibleacha.[2]

Deir sé go bhfaca sé Toghthóireacht na Pailitíneachta, an Fhoraois Dhubh, Sandhausen, Hanover, an Phrúis, Braunschweig (Brunswick) agus Bideford.

Saol agus saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eachtra Thomáis Mhic Chaiside le fáil sa chóip a rinne Brian Ó Fearghail sa bhliain 1773 de lámhscríbhinn Uí Chaiside féin (le haguisín) agus atá anois i Músaem na Breataine. Tá lámhscríbhinn eile in Acadamh Ríoga na hÉireann, agus d’áitigh an scoláire Maighréad Nic Philibín go bhfuil an chóip sin níos bunúsaí ná cóip Uí Fhearghail agus gur díreach as scríbhinn an údair a tarraingíodh í.

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Caisideach Bán
  • Béal Átha hAmhnais
  • Máire Bhéal Átha hAmhnais
  • Faoisdin Uí Chaiside
  • Bríd Ní Bheirn
  • An Bráithrín Buartha

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]