Toirealach Luineach Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Toirealach Luineach Ó Néill
Ó Néill
Réimeas 15671593
Dáta breithe circa 1530
Áit bhreithe Tír Eoghain
Dáta báis 1595
Áit bháis An Srath Bán
Réamhtheachtaí Seán Donnaíleach mac Coinn Bhacaigh Ó Néilll
Comharba Aodh mac an Fhirdhorcha Ó Néill
Rítheaghlach Ó Néill

Taoiseach ar Niallaigh Thír Eoghain, i gcúige Uladh, ab ea Toirdhealbhach nó Toirealach Luineach Ó Néill (c. 1530 - 1595). Mac le Niall Conallach (+1544) mac Airt Óig Ó Néill (+1519) ab ea é.

Sliocht Airt Óig[athraigh | edit source]

Thart ar an mbliain 1530 a saolaíodh Toirealach le linn réimeas Choinn Bhacaigh Uí Néill (+1559). Taoiseach ar Thír Eoghain a bhí ina sheanathair, Art Óg (+1519), agus bhí ceannas ag a athair, Niall Conallach (+1544), ar an dúiche mórthimpeall ar an Srath Bán agus ar an Seanchaisleán i dTír Eoghain, mar a raibh tailte Mhic Annaidh, Mhic Con Allaidh agus Mhic Con Mí, agus ba ann a bhí bunáit Thoirealaigh ina dhiaidh sin. Is cosúil gur sa cheantar i Sliabh Speirín ar a dtugtar Muintir Luinigh a tógadh Toirealach, agus gur as sin a ainmníodh é.

An Tánaiste[athraigh | edit source]

D'éirigh Seán Donnaíleach amach in aghaidh a athar, Conn Bacach, agus a dheartháir, an Feardorcha Ó Néill. Mharaigh sé an Feardorcha i 1558 agus gairmeadh ina thaoiseach é i 1559. Ainmníodh Toirealach Luineach mar thánaiste air, agus ghlac sé páirt ghníomhaíocht i gcogaí Sheáin. In ainneoin sin, bhí súil i gcónaí aige ar an tiarnas agus, nuair a thaistil Seán go Londain i 1562 rinne Toirealach luíochán ar Bhrian mac an Fhirdhorcha agus mharaigh sé é. Chuaigh sé féin agus a mhuintir go dtí an Tulach Óg, ansin, chun go ngairmfí é ina thaoiseach. D'fhill Seán gan choinne, áfach, agus b'éigin do Thoirealach fanacht tamall eile.

An Taoiseach[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1567 mharaigh Clann Dónaill Seán i mBun Abhainn Doinne, agus gairmeadh Toirealach ina thaoiseach. I Reachlainn i 1569 phós sé baintreach Shéamais Íligh Mhic Dhónaill, Anna Nic Cailín (nó Lady Agnes, mar ab fhearr aithne uirthi), agus de bharr an chleamhnais sin nascadh cairdeas idir é agus Clann Dónaill Alban, agus bheadh teacht aige ar mhórchuid saighdiúirí Albanacha as sin amach. Go deimhin, agus é ag súil le teacht na nAlbanach an bhliain sin, thóg sé caisleán i nDún na Long ar bhruach Loch Feabhail, áit a mbeadh na hAlbanaigh in ann teacht i dtír go sábháilte. Ar feadh roinnt blianta bhí a chumhacht i dtreis go mór i gCuige Uladh. Ach, bhí na Sasanaigh ag tacú go láidir le Barún Dhún Geanainn, Aodh Ó Néill mac eile leis an bhFeardorcha, agus de réir a chéile thosaigh sé ag cailleadh smacht ar Thír Eoghain. Sa bhliain 1578 rinneadh Barún an Chlochair agus Iarla Chlann Chonaill de, agus roinneadh an tiarnas idir é féin agus Aodh.

An Éigse[athraigh | edit source]

Go gairid tar éis dó teacht i gceannas ar Thír Eoghain, thug Toirealach cuireadh d'fhilí na hÉireann teacht ar cuairt chuige sa Chraobh i dTír Eoghain don Nollaig. Tar éis na fleá, chuir sé fios ar a gcuid dánta agus is cosúil nár thaitin siad rómhór leis. Ní raibh sé molta go pearsanta iontu, dár leis. I measc na bhfilí a bhí i láthair bhí Tadhg Dall Ó hUiginn (1550-91). Chum Tadhg Dall dán nua dó atá ar marthain, "Nodlaig do-chuamair don Chraoibh" ina ndéanann sé cur síos ar an eachtra seo. Ba é Toirealach, freisin, a d'fhostaigh an scríobhaí a thóg síos i lámhscríbhinn An Leabhar Eoghanach agus Ceart Uí Néill, agus an file, an Feardorcha Mac Con Mí, a cuireadh go hAlbain ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh dó le hAnna Nic Cailín.

Bás[athraigh | edit source]

Cé go raibh Aodh agus na Sasanaigh ag dréim lena bhás sheas Toirealach an fód ar feadh i bhfad. Dar le cuntais Shasanacha, bhí Toirealach ag ól go trom, agus bhí a shlainte go dona. Thart ar an mbliain 1579 goineadh Toirealach sa bholg le piléar gunna a scaoil crosán de mhuintir Dhonnaíle leis ag cóisir óil ina chaisleán sa Srath Bán. I 1583 leathadh an scéal go raibh Toirealach básaithe agus chuaigh Aodh Ó Néill go dtí an Tulach Óg chun é féin a ghairm ina thaoiseach, ach ní marbh a bhí Toirealach ach tinn le póit, agus b'éigean d'Aodh filleadh ar Dhún Geanainn. Ar deireadh, sa bhliain 1593 d'éalaigh Aodh Rua Ó Dónaill ó Chaisleán Bhaile Átha Cliiath agus, i gcomhar le hAodh Ó Néill, d'fhear sé cogadh ar Thoirealach. De réir a chéile, chaill Toirealach smacht ar an dúiche ar fad agus gairmeadh Aodh ina thaoiseach i 1593. Fuair Toirealach bás ar an Srath Bán i 1595, agus cuireadh in Ard Sratha é. Ba é a mhac, Art, a tháinig i gcomharbacht air.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Proinsias Ó Conluain, "Dutiful old Knight and Formidable Foe" in Dúiche Néill 13, 2000
  • Hiram Morgan, Tyrone's Rebellion, The Outbreak of the Ninew Years War in Tudor Ireland, Woodbridge 1993
  • Eleanor Knott, A bhFuil againn dár chum Tadhg Dalll Ó hUiginn, Irish Texts Society, Imleabhair I & II, athchló 1997