Toirdhealbhach Ua Briain
| Toirdhealbhach Ua Briain | |
|---|---|
| Ard-Rí na hÉireann, Rí Mumhan | |
| Toirdhealbhach Ua Conchobhair | |
| Réimeas | 1055–1086 |
| Dáta breithe | 1009 |
| Áit bhreithe | Contae an Chláir |
| Dáta báis | 14 Iúil 1086 |
| Réamhtheachtaí | Domnall Ua Lochlainn |
| Comharba | Toirdhealbhach Ua Conchobhair |
Ard-Rí Éirinn go bhfreasúra ab ea Toirdhealbhach Ua Briain (1009–14 Iúil 1086). Garmhac Bhriain Bóramha agus neacht Dhonnchaidh mac Briain, Ard-ríthe eile, a bhí ann.
Bhí éileamh aige ar ríocht na tíre ón mbliain 1055, nuair a thosaigh sé ag cur i gcoinne a uncail Donnchadh, go dtí a bhás sa bhliain 1086. Bhí teagmháil aige leis an bPápa Gréagóir VII agus le hArd-Easpaig rathúil Canterbury, Lanfranc. Shocraigh sé cathair Luimnigh mar phríomhchathair a ríochta. Thóg sé ríocht chathair Ghallach Átha Cliath ó mhuintir na cathrach sin sa bhliain 1072, agus bhronn sé í ar a mhac Muircheartach mar phrintíseacht ríochta. Tá fianaise go raibh lámh aige i bpolaitíocht Mhanann agus na Breataine Bige. Bhásaigh sé sa bhliain 1086 i gCeann Coradh tar éis tréimhse fhada fhulaingthe agus aithreachais, de réir na n-annála.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.