Toircheas eicteoipeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionphlandú an ubháin thoirchithe taobh amuigh den bhroinn. Sa bhfeadán útarach is minice a tharlaíonn ionphlandú mínormálta. An príomhfhachtóir a chlaonann chun a leithéid roimh ré is ea galar peilbheach ionfhabhtaithe Clamydia trachomatis. Féadfaidh dhá thoradh a bheith air: go bhfaighidh an suth bás go luath is go n-asúifear é, nó go mbrisfidh an toircheas isteach i gcuas an bhoilg, rud a bhíonn ina éigeandáil mainliachta, le pianta géara is rith fola sa bhfaighin, agus is gá obráid phráinneach chun an toircheas a bhaint amach.