Tointeálaí spáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feithicil lainseála inathúsáidte le foireann ar bord. Lainseáil NASA an chéad cheann i 1981, agus lainseáil an tAontas Sóivéadach ceann i 1988. Cuireadh clár an ESA ar ceal gan aon lainseáil. Iompraíonn tointeálaí spáis na Stát Aontaithe suas le seachtar foirne is timpeall 25 tonna pá-lasta, agus is féidir leis eitilt ar feadh coicíse. Soitheach ardaithe deilte-eiteach atá ann, le príomhinneall, umar seachtrach breosla atá inchaite thar bord, agus dhá roicéad threisithe cúnta le breosla soladach. Bhí 4 fheithicil sa chabhlach: Columbia (a lainseáladh den chéad uair i 1981), Challenger (1983), Discovery (1984), agus Atlantis (1985). Lainseáladh iad an iliomad uair chun saitilítí a lainseáil is a dheisiú, turgnaimh a dhéanamh, Spacelab a iompar, agus spásárthaigh a fháil ar ais óna bhfithisí. Ar an 25ú lainseáil cailleadh an fhoireann iomlán nuair a phléasc Challenger i 1986. Cuireadh an clár i bhfeidhm arís i 1988 le lainseáil eile, agus cuireadh an tointeálaí nua Endeavour sa tseirbhís i 1992. Ach cailleadh foireann iomlán eile nuair a theip ar aisfhilleadh Columbia i 2003. Níor lainseáladh tointeálaí arís go dtí 2005, agus nasc Discovery leis an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta chun go ndéanfadh spásaire siúlóid spáis ar feadh 6 uair leis an sciath teasa faoi bhun an tointeálaí a dheisiú. Tháinig deireadh le clár an dtointeálaithe spáis i 2011 nuair a chríochnaigh an 135ú misean le filleadh Atlantis ón Stáisiún Spáis.