Toghroinn ceantair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is limistéar riaracháin úsáidte i bPoblacht na hÉireann é an Toghroinn (Béarla: Electoral Division). Tá 3,440 sa stát. Agus torthaí na nDaonáireamh á gcur i gcló, is í an toghroinn an limistéar is lú go gcuirtear eolas faoi Staidreamh Daonra i gCeantair Bheaga (Béarla: Small Area Population StatisticsSAPS) i láthair.

Bunús[athraigh | edit source]

Nuair a cruthaíodh Aontais Dhlí na mBocht sa bhliain 1838, bailaíodh na Bailte Fearann i ranna nua a dtugadh District Electoral Divisions orthu, nó Toghranna Ceantair as Gaeilge. Thogh áitritheoirí na toghranna ceantair, más rud é gurbh íocóirí rátaí iad, Bord Bardachta Aontais Dhlí na mBocht.

Agus na toghranna á gcruthú, ba é an cuspóir a bhí ann ná limistéar a chruthú go mbeadh luach inrátaithe comparáideach eatharthu maraon le daonra comparáideach iontu. Mar thoradh, ba bheag an gaol a bhí idir na limistéir nua seo agus na limistéir riaracháin sibhialta nó eaglasta a úsáideach go dtí seo - an paróiste. D´ainneoin seo, níorbh annamh go dtugadh an t-ainm céanna ar an limistéar nua seo agus a bhí ag an bparóiste sibhialta máguaird.

Bunaíodh na comhairlí contaetha, na comhairlí ceantair tuaithe agus na comhairlí ceantar uirbeach ar fud na Éireann faoin Acht Um Rialtas Áitiúil (Éire) 1898 agus baineadh úsáid as na ranna céanna chun comhaltaí na gcomhairlí éagsúla a thoghad.

Sa bhliain 1994, aistríoch an t-ainm Toghroinn Ceantair (TRC)[1] agus an t-ainm Barda[2] go dtí Toghroinn (TR). D’fhan ainmneacha agus teorainneacha na dToghranna Ceantar éagsúla (TRC) agus na mBardaí éagsúla mar a bhí roimhe sin.

Tagairtí[athraigh | edit source]