Tochas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mothú greannaitheach sa chraiceann, an-anróiteach uaireanta. Is féidir go dtarlóidh sé ag ionad amháin de bharr greannaitheora áitiúla nó galar craicinn (cosúil le míolta, galar an tochais, deirmitíteas, soiriáis). Is féidir go mbeidh sé ina shiomtóm ar bhun-neamhord, cosúil le liomfóma nó buíochán. Uaireanta tarlaíonn sé de bharr sícinéaróise.