Titian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir Veinéiseach a rugadh i bPieve di Cadore na hIodáile, an péintéir is cáiliúla sa 16ú céad, b'fhéidir, ab ea Titian (Tiziano Vecellio, c 1490-1576). Phéinteáil sé 3 shaothar cháiliúla ar ábhair mhiotaseolaíocha do Dhiúc Ferrara: Festa della amorini (Féile na Leannán, c 1515-1518), Baccanale degli Andrii (Féasta na nDéithe, c 1518), agus Bacco e Arianna (Bacas is Airianna, c 1523). I measc a shaothar cailiúil níos déanaí, tá Ecce Homo (Féach ar an Duine, 1543), agus Incorazione di spine (Corónú na Spíon, c 1570).