Tiontú digiteach/analógach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas ina dtiontaítear sraith uimhreacha digiteacha ó ríomhaire go dtí comhartha comhfhreagrach voltais nó srutha a dhéantar le ciorcad leictreonach, nó de ghnáth le ciorcad iomlánaithe scoite a dtugtar tiontaire digiteach /analógach (D/A) air. I bhfeidhmeanna éagsúla cuirtear an comhartha leictreonach aschuir seo isteach i dtrasduchtóir éigin a ghineann fuaim, teas nó solas. Tábhachtach in innealra atá á rialú le ríomhaire. Chun comhartha analógach a thiontú ina chomhartha digiteach, úsáidtear tiontaire analógach/digiteach (A/D).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tiontú digiteach/analógach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 664.