Tintoretto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir cáiliúil a rugadh sa Veinéis, mac le ruaimneoir (tintore in Iodáilis) ab ea Tintoretto (Jacopo Robusti, 1518-1594). I measc a shárshaothar atá fós sa Veinéis, tá L'ultima cena (An Suipéar Deireanach, 1547), Il giudizio universale (An Breithiúnas Deiridh, c 1560), agus Il paradiso (Párthas, 1588) — an ceann deireanach seo cáiliúil as a ollmhéid.