Tinte ealaíne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tinte ealaíne

Gairis shaorga a adhantar chun léiriú piriteicniúil soilse daite, spréacha is pléascthaí a dhéanamh, de ghnáth mar léiriúcháin. Ar eolas sa tSín faoi 600. Bíonn ábhair inlasta is ábhair phléascacha iontu, cosúil le gualach is sulfar, agus imoibríonn siad le hábhair a tháirgeann ocsaigin, cosúil le nítear is clóráit photaise. Bíonn rialú diongbháilte rialtais ar dhéanamh, díol is úsáid na n-ábhar seo. Oíche Shamhna is Oíche Chinn Bliana is mó a bhíonn siad in úsáid in Éirinn, agus i mórléirsithe poiblí ar ócáidí ar leith eile. Bíonn léirsithe móra piriteicniúla sa bhFrainc Lá Bastille, sna Stáit Aontaithe Lá na Saoirse, agus ar fhéilte dá gcuid féin i dtíortha an Chianoirthir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tinte ealaíne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 663.