Timthriall ocsaigine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas ina dtáirgtear ocsaigin, a sceitear í isteach san atmaisféar ag plandaí fótaisintéiseacha, agus a n-ionanálaíonn ainmhithe aeróbacha í. Mar thoradh ar a n-ionanálú scaoileann na hainmhithe dé-ocsaíd charbóin, an gás a úsáideann an planda i gcomhair na fotaisintéise. Thosaigh an bheatha ar Domhan níos mó ná 600 milliún bliain ó shin in uisce úr is sáile na farraige, nuair a bhí an-chuid radaíochta ultraivialaite ón nGrian ag lonrú ar an talamh. De réir a chéile thosaigh plandaí ag cruthú ocsaigine san atmaisféar trí fhótaisintéis, agus thosaigh solas na Gréine ag imoibriú leis an ocsaigin seo chun ózón a chruthú go hard san atmaisféar. Thosaigh an ciseal ózóin ag oibriú ar an radaíocht ultraivialait a scagadh amach as radaíocht na Gréine, agus ina dhiaidh sin bhí coinníollacha slána chun gurbh fhéidir go mairfeadh ainmhithe chomh maith le plandaí ar talamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Timthriall ocsaigine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 662.