Timthriall Born-Haber

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Timthriall teirmiceimiceach a thaispeánann an ceangal idir fuinneamh laitíse solaid ianaigh is a theas déanmhaíochta, i dtéarmaí airíonna na n-adamh aonarach. De bhrí go bhfuil an fuinneamh iomlán a ídítear i bpróiseas ar bith neamhspleách ar an gconair a leantar sa phróiseas, is féidir aon chainníocht anaithnid sa timthriall a dhéanamh amach más eol na cainníochtaí eile.