Timpeallghearradh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is timpeallghearradh fireann ann (ón Laidin circumcidere, a chiallaíonn "gearradh timpeall") ná an forchraiceann (prepuce) a bhaint ón mbod, tré ghnáthamh máinliachta. Sa ghnáthamh tipiciúil, osclaítear an forchraiceann agus ansin scartar ón mbreall é, tar éis cigireachta. Tar éis an gléas timpeallghearrtha (más in úsáid) a bheith curtha, ansin baintear an forchraiceann. Is féidir ainéistéise a instealladh ar barr nó go logánta chun pian agus strus fiseolaíochta a laghdú. I gcás daoine fásta, tá ainéistéise ghinearálta mar rogha, agus is minic a dhéantar an gnáthamh gan gléas timpeallghearrtha speisialaithe. Is féidir le timpeallghearradh a bheith ag teastáil ar chúiseanna teiripeacha agus phróifiolacsach araon. Is rogha chóireála é don fiméóis (Gréigis::φῑμός, phimós, «béal») agus don bhalanoposthitis, agus le haghaidh ionfhabhtuithe ainsealaí chonair an fhuail, ach tá sé neamhiarrtha i gcás roinnt gcásanna áirithe giniúna nó i gcásanna drochshláinte ginearálta.