Tim Berners-Lee
| Tim Berners-Lee | |
| An Ridire Tim Berners-Lee sa bhliain 2009 | |
| Dáta breithe | 8 Meitheamh 1955 |
| Londain, Sasana | |
| Céile | Nancy Carlson |
| Náisiúntacht | Briotanach |
| Réimsí | Ríomheolaíocht |
| Iomráiteach do | Cumadóir an Ghréasáin Domhanda |
| Suíomh gréasáin | W3.org/People/Berners-Lee |
Is é an Ridire Timothy "Tim" John Berners-Lee (rugadh 8 Meitheamh 1955) cumadóir an Ghréasáin Domhanda agus stiúrthóir an World Wide Web Consortium, an eagraíocht a rialaíonn forbairt an ghréasáin.
Rugadh i Londain é, agus ba mhatamaiticeoirí iad a thuismitheoirí. D'fhreastal sé ar Ollscoil Oxford.
Chruthaigh sé an An Gréasán Domhanda i 1990 nuair a bhí sé ag obair i CERN. Bhí an córas seo bunaithe ar hípeartéacs le haghaidh eolas a scaipeadh idir taighdeoirí in ollscoileanna is lárionaid taighde ar fud an domhain, le líonra ríomhaireachta.
I 1994, bhunaigh Berners-Lee an World Wide Web Consortium (W3C) ag an Massachusetts Institute of Technology le haghaidh caighdeáin a chruthú don gréasán.
Tá sé ina chónaí faoi láthair i gceantar Bhostún Massachusetts, i Lexington lena bhean chéile is a bheirt leanbh.