Thyrsites atun

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoThyrsites atun Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdScombriformes
FineGempylidae
GéineasThyrsites
SpeiceasThyrsites atun Cuir in eagar ar Wikidata
Áiteanna a bhfuil an snúc (Thyrsites atun) le fáil.

Spéiceas fada caol den ronnach nathartha is ea Thyrsites atun. Tugtar an snúc dúghorm[1] air i nGaeilge. Tá droim dúghorm air agus bolg airgeata. D’fhéadfadh sé a bheith chomh fada le 200 cm, cé nach bhfuil mórán snúc níos faide ná 75 cm. Sa Leathsféar Deisceartach atá sé le fáil agus maraítear é mar iasc tráchtála. Tugtar baracútach (“barracouta”) air san Astráiláise, cé nach bhfuil gaol aige leis an mbaracúdach.

Tá sé le fáil in aice le scairbheanna ilchríochacha nó timpeall oileán agus itheann sé crústaigh, ceifealapóid agus iasc beag ar nós ainseabhaithe agus pilséar. Bíonn snúic ina mbáire cois tóna nó sa mheánuisce, nó in aice barr uisce istoíche. Is fearr leis uisce atá idir 13 °C agus 18 °C.

Tá an snúc le fáil amach ó chósta na Namaibe agus ó chósta chúigí na Rinne Thiar agus na Rinne Thuaidh san Afraic Theas. Thugadh na coilínigh Ollannacha a tháinig sa bhliain 1652 “zee snoek” (nathair mhara) air. Tá sé coitianta sna huiscí is fuaire den Leathsféar Deisceartach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Thyrsites atun” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.