Three Mile Island

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stáisiún núicléach ginte leictreachais i lár stát Pennsylvania sna Stáit Aontaithe, ar tharla drochthionóisc ann i 1979, nuair a leáigh cuid mhaith de chroíleacán an imoibreora agus a sceith roinnt iseatóp radaighníomhach san atmaisféar. Is amhlaidh a tharla teip sa chóras fuaraithe, ach in ionad an croíleacán a bhá le huisce, lasc na hoibreoirí an córas éigeandála fuaraithe as ionas go raibh an croíleacán saor ó uisce fuaraithe ar feadh 40 nóiméad ar a laghad. Leádh is loiteadh timpeall 75% den chroíleacán, ach ar ámharaí an tsaoil níor leádh go hiomlán é agus níor thit an breosla núicléach leáite go bun an tsoitheach treisithe coinneála. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh baol ann go ngalódh teas an chroíleacáin aon uisce ansin, nó fiú faoin talamh faoina bhun, agus go dtarlódh pléasc chumasach gaile a réabfadh an soitheach is a sceithfeadh an-chuid ábhair radaighníomhaigh ón gcroíleacán amach san atmaisféar. Is cinnte go raibh an tionóisc sin an-ghar dá leithéid d'olltubaiste, agus bhí an t-ádh ar phobal Pennsylvania nár treádh an soitheach is go raibh teorainn leis an oiread radaighníomhaíochta a sceitheadh san atmaisféar.