Thomas Savery

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir a rugadh i Shilstone Shasana ab ea Thomas Savery (c 1650-1715). Shaothraigh sé is fuair paitinn ar ghaireas chun uisce a chaidéalú as mianaigh (1698) trí ghal faoi bhrú a chur isteach i seomra iata ina raibh uisce, an chéad inneall praiticiúil gaile. Rinne sé roinnt díobh gur tháinig sé le chéile le Newcomen chun a inneall siúd a fhorbairt, inneall loine gaile a bhí níos éifeachtaí praiticiúla.