Thomas Samuel Kuhn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fealsamh is staraí eolaíochta a saolaíodh i Cincinnati, Ohio ab ea Thomas Samuel Kuhn (1922-1996). Ina leabhar The Structure of Scientific Revolutions (Struchtúr Réabhlóidí Eolaíochta, 1962) cheistigh sé an coincheap coiteann gur próiseas breisitheach aontreoch í forbairt na heolaíochta. Thug sé isteach coincheap na bparaidímí, grúpa coincheapanna gaolmhara a bhíonn in iomaíocht le chéile ag am athraithe thapa san eolaíocht.