Thomas Kilroy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is dramadóir agus úrscéalaí clúiteach Éireanneach é Thomas F. Kilroy (rugadh i 1934 i gCill Chainnigh). Thuill sé a bhunchéim i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus bhí sé ina eagarthóir drámaíochta in Amharclann na Mainistreach ar feadh seal. Bhunaigh sé, in éineacht le Brian Friel, Stephen Rea agus Tom Paulin, an complacht drámaíochta Field Day. Rinneadh ollamh le léinn an Bhéarla de in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, post ar thréig sé sa bhliain 1989, chun díriú ar a chuid scríbhneoireachta. Tá sé ag cur faoi i gContae Mhaigh Eo faoin am seo agus é ina bhall den Irish Academy of Letters, The Royal Society of Literature agus Aosdána.