Thomas Graham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí is fisicí a rugadh i nGlaschú, duine de bhunaitheoirí na ceimice fisiciúla ab ea Thomas Graham (1805-1869). Cheap sé an dlí tábhachtach go bhfuil ráta idirleata gach gáis i gcomhréir inbhéartach le fréamh chearnach dhlús an gháis (dlí Graham). Rinne sé taighde bunúsach ar airíonna collóideach, agus cheap gaireas chun collóidigh a scaradh ó chriostalóidigh.