Thomas Cech

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bithcheimicí a rugadh i Chicago is ea Thomas Cech (1947-). An chéad duine a thaispeáin gur féidir le RNA feidhmiú mar einsím, catalaíoch bitheolaíoch. D'aimsigh sé cineálacha RNA a d'fheidhmigh mar seo is a d'athraigh iad féin sa phróiseas, agus cineálacha eile nár athraigh iad féin, ar tugadh ribisímí orthu. Roinn sé Duais Nobel sa cheimic le Sidney Altman i 1989 as seo.