Thin Lizzy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí banna Banna rac-cheoil as Baile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann ab ea Thin Lizzy. Bhí siad ar cheann de na bannaí ba mhó in Éirinn ar feadh na 1970idí agus na 1980idí nuair a bhí an dord-ghiotáraí Phil Lynott ina phríomhamhránaí orthu. Bhí cúpla amhrán an-cháiliúil acu, mar shampla The Boys Are Back in Town, Jailbreak agus an leagan rac-cheoil a rinne siad den amhrán traidisiúnta Éireannach Whiskey in the Jar.

Agus na blianta ag dul thart, bhí roinnt giotáraithe éagsúla ag Thin Lizzy, ach choimeád siad a guth sainiúil dá gcuid féin i gcónaí. Mar a scríobhann an léirmheastóir Seán Ó Dubhagáin;

'mar fhoras cruthaitheach sa bhanna, ba scríbhneoir ní ba chliste is ní ba chríonna é Lynott ná flúirse de na scríbhneoirí óna stíl; is fearr leis drámaí 'slis de saol' ón rang oibre agus iad ag déileáil le grá is fuathaigh, le tionchair ó amhránaithe cosúil le Bob Dylan, Van Morrison agus Bruce Springsteen, agus iad go leor as traidisiún liteartha na hÉireann'.

Bhí tionchar mór ag Van Morrison ar Philo, agus tá an giota eolais sin le fáil san agallamh le Philo sa scannán Thin Lizzy, The Rocker; A Portrait of Phillip Lynott.

Bhí tionchar mór ag na grúpaí ceoil Meiriceánacha ar nós Bob Seger agus Little Feat ar Lizzy chomh maith. Bhain siad úsáid as ceol de gach stíl cosúil le ceol tíre agus ceol tuaithe, ach tá aithne orthu mar rac-bhanna nó banna rac-crua.

Tá aithne forleathan ar Lizzy mar cheann amháin de na bannaí as an stíl rac-crua; iadsan a chuir an comhcheol de dhá giotáir (cath na dá ghiotár) ar bhun - stíl a bunaíodh ag Wishbone Ash sa Ríocht Aontaithe, agus go neamhspleách ag Lynyrd Skynyrd agus The Allman Brothers Band i SAM.

Cuireadh deireadh leis an mbanna sa bhliain 1983, agus fuair Phil Lynott bás sa bhliain 1986. Cuireadh an banna ar ais le chéile sa bhliain 1996 chun turas a dhéanamh.

Is é Lynott fear gorm amháin, de líon an-bheag díobh, a bhain clú agus cáil amach san rac-crua. Bhí baill den chine geal agus gorm, de gach taobh den teorainn Éireannach agus idir Caitlicigh agus Protastúnaigh páirteach sa bhanna.

Bunús ainm an bhanna

Tá trí scéal, is fiú, faoi bhunús an ainm 'Thin Lizzy'. Ós rud é go bhfuil easpa agallamh taifeadta le na baill againn faoi bhunús an ainm, ní féidir ach amhantraíocht a dhéanamh mar gheall air.

Sa scéal is coitianta, cheannaigh an príomhsheinnteoir giotáir, Eric Bell, é féin tacaí ar John Mayall's Bluesbreakers, cóip de leabhar grinn 'An Dandy', tar éis dó Eric Clapton a fheiceáil ag léamh cóip amháin den leabhar grinn 'An Beano', ar an albam 'Bluesbreakers le hEric Clapton'. Bhí carachtar amháin sa chóip darbh ainm 'Tin Lizzie' agus fuair sé 'Thin Lizzy' ón ainm seo (Tá cuma ar 'Tin Lizzie' le blas Bhéarla Bhaile Átha Cliath mar 'Thin Lizzy').[1][2][3]

Stair (le Phil Lynott)

Bhí an grúpa bunaithe go déanach sa bhliain 1969 i mBÁC, Éire, le Lynott, seinnteoir giotáir Eric Bell, seinnteoir orgáin leictreachais Eric Wrixon agus an drumadóir Brian Downey. D'imigh Wrixon go luath sa bhliain 1970, agus iad ag éirigh tuirseach traochta de na failleanna teoranta i mBÁC, chuaigh an grúpa go léir chuig Londain sa bhliain 1971.

Tar éis dóibh conradh a shocrú le Decca Records, tháinig an chéad chnag i rith na bliana 1973, le 'Fuisce sa Crúiscín' (nó Whiskey in the Jar as Béarla) - cuma rac ar an seanamhrán traidisiúnta. Bhí fadhbanna ag an mbanna, áfach, leis an gconách a fuair siad lena mhacasamhail d'amhrán Whiskey in the Jar, agus tar éis gig tubaisteach nuair a d'fhág Eric an stáitse agus é ar meisce. Fágadh an banna le ceoltóir in easnamh. Tháinig Gary Moore isteach díreach ina dhiaidh sin agus d'fhan sé chomh fada chun cúpla rianta a thaifeadadh, le hamhráin mar Little Darlin agus I'm Still in Love with You ag teacht amach as sin, chomh maith le conradh úr le Phonogram Records.

Albaim

Tagairtí

  1. Gayle Ritchie (6 Iúil 2020). "50 years of Thin Lizzy: Remembering the night frontman Phil Lynott took a tumble and fell into a Kirkcaldy crowd". Nostalgia. The Courier (Dundee).
  2. Alan Byrne (1 Feabhra 2006). "Thin Lizzy". SAF Publishing Ltd. 
  3. Harry Doherty (20 Samhain 2012). "Thin Lizzy: The Boys Are Back in Town". Music Sales Group.