Theodor Svedberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí fisiceach a rugadh i bhFleräng na Sualainne ab ea Theodor Svedberg (1884-1971). Shaothraigh sé an t-ultralártheifneoir i 1924, lenar féidir tuaslagáin a chasadh chomh tapa sin go bhfeidhmíonn fórsaí na mílte oiread níos mó ná an fórsa domhantarraingthe ar a bhfuil sa tuaslagán. Thaispeáin sé gur féidir tuaslagáin próitéiní a chasadh chun na próitéiní éagsúla a scaradh óna chéile. Bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic i 1926 as an bhforbairt seo agus a shaothar ar phróitéiní i dtuaslagáin is córais easraithe eile.