The Waterboys

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Waterboys
The Waterboys in Antwerp 2003 5.jpg
Tír Albain
Gníomhach 19831993, 2000 - anois
Seánra(í) ceoil rac-cheol, ceol tíre, ceol Ceilteach
Baill Mike Scott
Steve Wickham
James Hallawell
Marc "Archie" Arciero
Ralph Salmins
Melvin Duffy
Suíomh gréasáin Láithreán Oifigiúil

Is banna ceoil é The Waterboys a bhunaigh Mike Scott sa bhliain 1983. Is ó Albain, ó Éirinn agus ó Shasana iad ceoltóirí an bhanna den chuid is mó, san am a chuaigh thart agus sa lá atá inniu ann. Bhíodh cónaí ar an ngrúpa i Londain, Baile Átha Cliath, an Spidéal, Nua-Eabhrac agus Findhorn. Tá roinnt stíleanna éagsúla seinnte ag an mbanna, ach is meascán é a gcuid ceoil de cheol tíre Ceilteach agus rac is roll, nó rac tíre. Dhíscoir an banna sa bhliain 1993 tar éis deich mbliana de thaifeadadh agus de chamchuairteanna, agus chuaigh Mike Scott sa tóir ar ghairm aonair. Tháinig siad le chéile arís sa bhliain 2000, agus tá siad ag eisiúint albam agus ag déanamh camchuairteanna ar fud an domhain ó shin. Leagann Scott béim ar an leanúnachas idir The Waterboys agus a shaothar aonair, agus áitíonn sé nach bhfuil aon difríocht idir Mike Scott agus The Waterboys; is mar a chéile iad. Ciallaíonn an dá rud, dar leis, é féin agus pé acu leathbhádóirí taistil ceoil a bhíonn aige ag an am.

Tugadh an Ceol Mór (“The Big Music”) ar luathfhuaim The Waterboys as amhrán ar an dara halbam dá gcuid, A Pagan Place. Rinne Scott cur síos ar an stíl cheoil sin mar mheafar a chiallaíonn saothar Dé a thabhairt faoi deara ar domhan. Bhí tionchar ag an stíl, nó úsáideadh í chun cur síos a dhéanamh, ar roinnt bannaí eile, lena n-áirítear Simple Minds, The Alarm, In Tua Nua, Big Country, na Hothouse Flowers agus World Party. Iarbhaill de The Waterboys ba iad World Party. Tháinig méadú suntasach ar thionchar an cheoil tíre ar an mbanna go déanach sna hochtóidí. Faoi dheireadh, d’fhill The Waterboys ar an rac is roll, agus tá albaim rac mar aon le halbaim tíre eisithe acu ónar tháinig siad ar ais le chéile. Is minic a bhíonn tagairtí liteartha agus ceist na spioradáltachta ina gcuid amhrán, a scríobhann Scott den chuid is mó. Tá ardmholadh faighte ag an ngrúpa agus ag gairmeacha aonair na mball ó léirmheastóirí rac agus tíre araon, ach níl an rath tráchtála céanna faighte ag The Waterboys mar bhanna agus atá faighte ag cuid dá mbaill ina n-aonar. Gan trácht ar World Party, tá ceoltóirí eile faoi thionchar The Waterboys freisin ar nós Colin Meloy ó The Decemberists, Grant Nicholas ó Feeder agus Miles Hunt ó The Wonder Stuff. Is leantóirí den bhanna iad Bono agus The Edge ó U2 chomh maith.

Stair[athraigh | edit source]

Tá trí chéim ar leith i ngairmréim The Waterboys. Bhí na luathbhlianta, nó tréimhse an “Cheoil Mhóir”, an-torthúil agus sonraíodh fuaim nua rac is roll sa Bhreatain dá bharr. Ba iad príomhthréithe na tréimhse ceoil tíre a lean sin ná gur leagadh béim ar chamchuairteanna thar tháirgeadh albam, agus go raibh mórbhallraíocht shuntasach ag an mbanna. Mar gheall air sin, rinneadh cur síos ar an ngrúpa mar bhanna Ilchineálach (“Raggle Taggle”). Tar éis dóibh filleadh tamall ar an “gCeol Mór” le haghaidh camchuairt amháin agus albam príomhshrutha rac is roll, Dream Harder, a eisiúint, scair an banna óna chéile go dtí gur tháinig siad ar ais le chéile sa bhliain 2000. Ó shin i leith, tá idir rac-cheol agus cheol tíre déanta ag an mbanna, agus leanann siad orthu ag tabhairt camchuairte agus ag eisiúint albaim stiúideo.

Foirmiú[athraigh | edit source]

Rinne Scott, bunaitheoir agus an t-aon bhall buan de The Waterboys, roinnt taifeadtaí aonair ag deireadh na bliana 1981 agus ag tús na bliana 1982 nuair a bhí sé sa bhanna darbh ainm Another Pretty Face (ar tugadh Funhouse air níos déanaí). Ba iad na seisiúin úd ag Stiúideo Redshop na chéad taifeadtaí a eisíodh faoin ainm The Waterboys. I rith na tréimhse céanna, bhunaigh Scott banna nár mhair i bhfad, The Red and the Black, leis an sacsafónaí Anthony Thistlethwaite, tar éis dó é a chloisteáil ar Waiting on Egypt, albam de chuid Nikki Sudden. Sheinn The Red and the Black naoi gceolchoirm i Londain. Chuir Thistlethwaite an drumadóir Kevin Wilkinson in aithne do Scott agus thosaigh sé ag seinm leis The Red and the Black. I rith 1982, rinne Scott roinnt taifeadtaí, leis féin agus le Thistlethwaite agus Wilkinson chomh maith. Ní ba dhéanaí, rinneadh na seisiúin taifeadta sin – idir shaothar aonair Scott agus thaibhithe an ghrúpa – a roinnt idir an chéad agus an dara halbam de chuid The Waterboys.

Sa bhliain 1983, bheartaigh Scott ar bhanna nua a bhunú, cé go raibh a lipéad ceirníní, Ensign Records, ag súil le hiarracht aonair óna chéad albam. Roghnaigh sé The Waterboys mar ainm don bhanna ó líne in amhrán de chuid Lou Reed, “The Kids”, ón albam Berlin. I Márta na bliana 1983, d’eisigh Ensign an chéad taifead faoi ainm nua an bhanna – singil dar teideal A Girl Called Johnny, le hamhrán ómóis do Patti Smith ar an taobh A. Leanadh sin i mí na Bealtaine leis an gcéad taibhiú de The Waterboys mar ghrúpa ar The Old Grey Whistle Test an BBC. Sheinn ball nua leo i dtaibhiú an BBC – an seinnteoir méarchláir Karl Wallinger. D’eisigh The Waterboys a gcéadligean, The Waterboys, a ainmníodh as an ngrúpa féin, in Iúil na bliana 1983. D’insamhail léirmheastóirí a gcuid ceoil agus a scóip ollmhór, a bhí faoi thionchar Patti Smith, Bob Dylan agus David Bowie, le Van Morrison agus le U2.

Na Luathbhlianta: an Ceol Mór[athraigh | edit source]

Chuaigh The Waterboys ar camchuairt tar éis dóibh a gcéad albam a eisiúint. Bhí a gcéad cheolchoirm ag an gClub Batschkapp in Frankfurt i Feabhra na bliana 1984. An tráth sin, bhí Mike Scott ag canadh agus ag seinm an ghiotáir, sheinn Anthony Thistlethwaite an sacsafón agus an maindilín, Karl Wallinger an méarchlár (ceol), Roddy Lorimer na trumpaí, Martyn Swain an dordghiotár agus Kevin Wilkinson na drumaí. Sheinn John Caldwell ó Another Pretty Face an giotár chomh maith, agus rinne an t-amhránaí Albanach, Eddi Reader, an fhonnadóireacht taca i gcomhair an chéad dhá cheolchoirm de chuid an bhanna. Rinne an banna roinnt taifeadtaí nua agus rinne siad dubáil ar sheantaifeadtaí go déanach sa bhliain 1983 agus in earrach na bliana 1984, a eisíodh mar dara halbam The Waterboys, A Pagan Place, i Meitheamh na bliana 1984. Ba iad Scott, Thistlethwaite, Wallinger agus Wilkinson baill oifigiúla an bhanna dar le clúdach A Pagan Place, le cabhair ó aíonna ar nós Reader, Lorimer agus roinnt mhaith eile.

Eisíodh an tsingil "The Big Music" roimh A Pagan Place. Ghlac roinnt tráchtairí “The Big Music”, nó an Ceol Mór, le cur síos a dhéanamh ar fhuaim The Waterboys, agus úsáidtear go fóill é chun tagairt a dhéanamh do stíl cheoil na chéad trí halbam. Chuaigh siad ar camchuairt eile tar éis dóibh an t-albam a eisiúint, a d’áirigh tacaíocht do The Pretenders agus U2, agus ceolchoirm ag Féile Glastonbury.

Thosaigh an banna ag taifeadadh amhráin nua in earrach na bliana 1985 le haghaidh albam nua, agus d’fhág Wilkinson an banna chun dul le China Crisis. Go déanach sna seisiúin, sheinn Steve Wickham, a bhí ina bhall de The Waterboys ní ba dhéanaí, an veidhlín ar an amhrán The Pan Within. Thug Scott cuireadh dó tar éis é a chloisteáil ar thaifead samplach Sinéad O’Connor a taifeadadh ag teach Karl Wallinger.

D’eisigh The Waterboys (an tríréad Scott, Thistlethwaite agus Wallinger go hoifigiúil le slua aíonna) a dtríú halbam, This Is the Sea, i nDeireadh Fómhair na bliana 1985. Dhíol sé ní ba mhó cóipeanna ná ceachtar den dá albam roimhe, agus d’éirigh leis áit a bhaint amach i Rogha 40 na cairte. Shroich singil ón albam sin, The Whole of the Moon, uimhir 26 i gcairteacha na Ríochta Aontaithe. Cuireadh isteach ar iarrachtaí chun an banna a chur chun cinn mar dhiúltaigh Scott seinm ar Top of the Pops, clár a chuir iallach ar na hamhránaithe beolbheachtú a dhéanamh. Tar éis don albam a eisiúint, chuaigh siad ar camchuairteanna rathúla sa Ríocht Aontaithe agus i Meiriceá Thuaidh, le Wickham mar bhall lánaimseartha, Marco Sin in áit Martyn Swain ar an dord, agus Chris Whitten in áit Kevin Wilkinson ar na drumaí. Agus iad ag druidim le deireadh na camchuairte, d’fhág Wallinger chun a bhanna féin a bhunú, World Party, agus tháinig Guy Chambers ina áit. Ag an am céanna, tháinig drumadóir Dave Ruffy in áit Chris Whitten.

1980idí déanacha: an Banna Ilchineálach (Raggle Taggle)[athraigh | edit source]

Bhog Mike Scott go Baile Átha Cliath tar éis dó cuireadh a fháil ó Steve Wickham, agus tháinig sé faoi thionchar cheol traidisiúnta na hÉireann chomh maith le ceol tuaithe agus ceol gaspal. D’athraigh ballraíocht an bhanna arís nuair a tháinig Trevor Hutchinson isteach ar an dord agus Peter McKinney isteach ar na drumaí, in éineacht le Scott, Wickham agus Thistlethwaite. Déanann láithreán gréasáin oifigiúil de The Waterboys tagairt do bhallraíocht nua an bhanna sin le “Raggle Taggle”, agus chaith siad 1986 agus 1987 ag taifeadadh agus ag dul ar camchuairt sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, san Eoraip agus in Iosrael. Eisíodh cuid de na taibhithe sin sa bhliain 1998 ar The Live Adventures of the Waterboys, a d’áirigh taibhiú cáiliúil in Glastonbury sa bhliain 1986.

Chuaigh an banna go dtí an Spidéal in iarthar na hÉireann le Scott sa bhliain 1988, áit ar bhunaigh siad stiúideo i dTeach an Spidéil chun taifeadadh an albaim nua a chríochnú. Eisíodh Fisherman’s Blues i nDeireadh Fómhair na bliana 1988 agus bhí cuid mhaith aoicheoltóirí air a sheinn leis an mbanna i mBaile Átha Cliath agus sa Spidéal. Bhí an dá thuairim i measc léirmheastóirí agus leantóirí— d’fháiltigh cuid acu roimh thionchar nua ceol tíre na hÉireann agus na hAlban, agus bhí díomá ar an gcuid eile a bhí ag súil le stíl a leanfadh ó This Is the Sea. Deirtear in World Music The Rough Guide, go n-áitíonn roinnt léirmheastóirí gur thug an tAlbanach Mike Scott ceol Éireannach ar ais do na hÉireannaigh agus nach bhféadfar a thionchar a ghannmheas. Míníonn Scott é féin, áfach, gurbh é an traidisiún Éireannach a ndeachaigh i bhfeidhm airsean. Dúirt sé go raibh sé i ngrá le hÉirinn; gur bhain eachtra nua le gach aon lá agus go raibh an t-eispéireas sin miotasach. Dar leis, b’iontach an rud é a bheith mar chuid de bhráithreachas ceoltóirí an tráth sin, leis an iomad ceoltóir de gach cineál a rinne cairdeas leo in Éirinn. Dúirt sé go raibh dúchas aige fós leis na ceoltóirí Éireannacha agus go mbaineann sé tairbhe as sin. De bharr an tslám mhóir amhrán a taifeadadh sna trí bliana idir This Is the Sea agus Fisherman's Blues, d’eisigh The Waterboys albam eile amhrán ón tréimhse sin dar teideal Too Close to Heaven (nó Fisherman’s Blues, Part 2 i Meiriceá Thuaidh) sa bhliain 2001. Eisíodh tuilleadh amhrán freisin mar amhráin bhónais ar atheisiúint an albaim Fisherman’s Blues, agus é athmháistrithe, sa bhliain 2006.

D’fhill an banna ar an Spidéal chun albam nua a thaifeadadh tar éis camchuairt eile. Ba iad The Waterboys an uair sin Mike Scott, Steve Wickham, Anthony Thistlethwaite, chomh maith le Colin Blakey ar an bhfeadóg, ar an bhfliúit agus ar an bpianó, Sharon Shannon ar an gcairdín, Trevor Hutchinson ar an dordghiotár agus Noel Bridgeman ar na drumaí. Eisíodh a gcúigiú halbam, Room to Roam, i Meán Fómhair na bliana 1990. Is as Room to Roam a thagann an tagairt “banna Raggle Taggle”. Ba thaifead ar an seanbhailéad tíre The Raggle Taggle Gypsy ceann d’amhráin an albaim.

Díreach sular eisíodh Room to Roam, d’fhág Wickham an banna de bharr easaontais le Scott agus Thistlethwaite maidir le todhchaí fhuaim an bhanna. Theastaigh ó Scott agus ó Thistlethwaite go bhfillfeadh an banna ar stíl rac is roll, agus d’easaontaigh Wickham leo. Nuair a d’fhág seisean, cuireadh tús le díscor an bhanna, agus d’fhág Shannon agus Blakey araon ina dhiaidh. D’earcaigh Scott, Thistlethwaite agus Hutchinson Ken Blevins ar na drumaí chun dátaí camchuairte an ghrúpa a chomhlíonadh.

Críoch agus filleadh The Waterboys[athraigh | edit source]

D’fhág Trevor Hutchinson an banna sa bhliain 1991. Ba shin bliain an-suntasach don ghrúpa agus d’eisigh siad an tsingil The Whole of the Moon ó This Is the Sea freisin. Shroich an tsingil sin uimhir a trí i gcairteacha na Ríochta Aontaithe. Chaith Scott an chuid eile den bhliain ag scríobh amhráin nua agus bhog sé go Nua-Eabhrac. D’fhág Thistlethwaite an banna i mí na Nollag, rud a chiallaigh gurbh é Mike Scott an t-aon bhall de The Waterboys. Críochnaíodh an chéad albam eile le ceoltóirí seisiúin agus eisíodh é sa bhliain 1993 faoin teideal Dream Harder, le fuaim nua a bhí go mór faoi thionchar rac crua. D’éirigh sé frustrach mar nach raibh sé in ann banna camchuairte a chruinniú do The Waterboys agus d’fhág sé Nua-Eabhrac, thréig sé an t-ainm “The Waterboys” agus thosaigh sé ar ghairm aonair.

D’athbheoigh Scott ainm The Waterboys ní ba dhéanaí, áfach, le haghaidh albam na bliana 2000, A Rock in the Weary Land, mar gur aithin leantóirí é. Bhí fuaim nua rac thrialaigh le brath ar an albam a chuir ionadh ar éisteoirí áirithe, agus í spreagtha ag bannaí comhaimseartha ar nós Radiohead agus Beck. Dar le Scott, ba “Sonic Rock” nó rac sonach í an fhuaim nua. Bhí roinnt sean-Waterboys ina n-aíonna ar an albam, lena n-áirítear Thistlethwaite agus Wilkinson. Faoin mbliain 2001, ba iad croílár The Waterboys nua ná Mike Scott ag canadh agus ag seinm an ghiotáir, Richard Naiff ag seinm an mhéarchláir agus orgáin, agus Wickham, a bhí ar ais sa bhanna, ag seinm an veidhlín. D’athraigh an grúpa a stíl arís sa bhliain 2003 agus d’eisigh siad Universal Hall, albam fuaimiúil den chuid is mó le roinnt tionchar Ceilteach ar ais arís ó ré Fisherman’s Blues. Leanadh an t-albam le camchuairt na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa. Eisíodh an chéad albam oifigiúil beo, Karma to Burn, sa bhliain 2005. Eisíodh albam stiúideo nua, Book of Lightning, an 2 Aibreán 2007.

Ceol[athraigh | edit source]

Léiríonn liricí agus cóirithe The Waterboys pé rud a mbíonn spéis ag Scott ann ag an am, chomh maith leis an stíl a théann i gcion air, lena n-áirítear toighis cheoil na mball eile. Bhí tionchar ollmhór ag Wickham go háirithe ar fhuaim an bhanna tar éis dul isteach sa ghrúpa. Ó thaobh cóirithe agus ionstraimithe de, b'iad an rac is roll agus an ceol tíre Ceilteach a d’imir an ról is mó ar fhuaim an bhanna. Tá ról lárnach glactha ag an litríocht agus spioradáltacht i liricí Scott. Gnéithe eile a chuir leo ná eitic DFÉ (déan féin é) an phunc-cheoil, traidisiún filíochta na Breataine, agus taithí Scott in Findhorn, áit a raibh cónaí air ar feadh roinnt mhaith blianta.

Fuaim[athraigh | edit source]

Is féidir ceol The Waterboys a roinnt i dtrí stíl ar leith. Tá an chéad stíl le fáil ar na chéad trí albam a eisíodh idir 1983 agus 1985. Le linn na tréimhse sin, cuireadh an fhuaim rac is roll a bhain le luathghairm U2 le chéile le gnéithe de thrumpa clasaiceach (Lorimer), snagshacsafón (Thistlethwaite) agus méarchláir chomhaimseartha (Wallinger) i gcóirithe an bhanna. Dar le Allmusic, b’fhuaim shaibhir, dhrámata, mhórga í. De ghnáth, tagraítear don fhuaim leis an téarma “The Big Music”. Leag Scott béim ar shaibhreas an chóirithe le teicnící léiriúcháin ar nós “Wall of Sound” de chuid Phil Spector. Is as an amhrán aircitíopúil “The Big Music” a ainmníodh an stíl, ach ba é “The Whole of the Moon” an sampla is mó díol agus is mó clú. Léiríonn an t-amhrán sin éifeachtaí méarchláir Wallinger mar aon le héifeachtacht rannóg phráis an bhanna.

Tar éis do Wickham teacht isteach sa bhanna agus an bogadh go hÉirinn, níor eisigh an banna albam eile ar feadh trí bliana. Rinneadh uirlisí traidisiúnta ar nós na feadóige, na fliúite, an veidhlín, an chairdín, an armónaigh agus an bhasúcaí a chur in áit mhéarchláir agus phrás “The Big Music” don albam Fisherman’s Blues, agus, go háirithe, Room to Roam. Tháinig ceol tíre Ceilteach chun cinn in áit rac mar phríomh-inspreagadh na gcóirithe amhrán ar an dá albam sin. Rinne Rolling Stone cur síos ar an bhfuaim mar mheascán éifeachtúil de rac-cheol agus de thuathúlacht Cheilteach, macallaí Beatles agus Donovan, agus, ar ndóigh, neart den mhórsheinm giotáir, veidhlín, mandailín, feadóige, fliúite agus cairdín. Rinneadh amhráin thíre thraidisiúnta a thaifeadadh mar aon le hamhráin a scríobh Scott. Taifeadadh “The Raggle Taggle Gypsy”, bailéad tíre Briotanach atá 200 bliain d’aois ar a laghad, ar Room to Roam. Bhí dlúthbhaint ag an amhrán leis an mbanna ina dhiaidh sin, ar an gcaoi chéanna le “The Big Music”, agus ainmníodh carachtar an bhanna as freisin. Leagann an taifeadadh béim ar cé chomh difriúil agus a bhí ceol an bhanna i gcomparáid le halbaim dheireanacha thréimhse “The Big Music” cúig bliana roimhe sin.

I ndiaidh don bhanna “Raggle Taggle” a scaradh óna chéile, bhain Scott úsáid as ainm The Waterboys le haghaidh Dream Harder agus A Rock in a Weary Land. B’albaim rac iad an dá albam sin araon, a raibh seacht mbliana eatarthu agus iad ar gach taobh de ghairm aonair Scott, ach bhí cur chuige ar leith acu i dtaobh an tseánra sin. B’albam “príomhshrutha, ar an drochuair” é Dream Harder dar le léirmheastóirí áirithe, ach bhí fuaim A Rock in the Weary Land spreagtha ag ceol malartach agus moladh é ag léirmheastóirí. Bhí Wickham ar ais sa bhanna i gcomhar Universal Hall, 2003 áfach, agus bhí an t-ionstraimiú fuaimiúil tíre céanna le brath ann agus a bhí ag The Waterboys sna hochtóidí déanacha, ach amháin an t-amhrán “Seek the Light”, atá ina amhrán tipiciúil EBM.

Tionchar litríochta[athraigh | edit source]

Léann Scott os ard as The Gift le Hafiz ag ceolchoirm The Waterboys in Antwerp in 2004. Léitear sleachta as saothar an fhile Sufi go minic ag ceolchoirmeacha The Waterboys.

Baineann Scott, a rinne staidéar ar an litíocht agus ar an bhfealsúnacht ar Ollscoil Dhún Éideann ar feadh tamall gearr, úsáid fhorleathan as litríocht an Bhéarla ina chuid ceoil. Den chuid is mó, is in ómós an scríbhneora C.S. Lewis a scríobhadh an t-amhrán “The Whole of the Moon”, ceann de na hamhráin is mó a luaitear leo. Déantar tagairt do shaothar Lewis in amhráin eile de chuid The Waterboys chomh maith, ar nós “Church Not Made With Hands” agus “Further Up, Further In”.

Chuir the Waterboys ceol le dánta ó fhilí cosúil le William Butler Yeats (“The Stolen Child” agus “Love and Death”), George MacDonald (“Room to Roam”), agus Robert Burns (“Ever To Be Near Ye”). Scríobhann ball den Acadamh Filí Meiriceánacha gurb é bua “The Waterboys” an tslí a gcuireann siad Burns agus Yeats laistigh de thraidisiún fileata amhránaíochta, ragairne agus ceiliúrtha, agus an tslí a gcuireann siad beocht leis na véarsaí le fuinneamh a bhaineann le ceol comhaimseartha. Tá an nasc idir The Waterboys agus a gcuid tionchar liteartha chomh dlúth sin, go ndeir an scríbhneoir chomh maith go bhféadfadh na túslitreacha “W.B.” (na túslitreacha a úsáidtear do chéadainm agus lárainm Yeats) seasamh do “Waterboys”.

Baineann Scott úsáid as líon tróp fileata i liricí chomh maith, lena n-áirítear antrapamorfachas (eg. “Islandman”), meafar (eg. “A Church Not Made with Hands”, “The Whole of the Moon”), agus meatonaime (eg. “Old England”). Is ó Yeats agus James Joyce a thagann athfhriotail an amhráin dheireanaigh. Déanann liricí an bhanna iniúchadh ar líon mór téamaí agus is iomaí tagairt shiombalach d’uisce ach go háirithe. Déantar tagairt d’uisce go minic ina gcuid amhrán (eg “This Is the Sea”, “Strange Boat” agus “Fisherman's Blues”). Seasann lógó The Waterboys, a chonacthas den chéad uair ar chlúdach albam The Waterboys, do thonnta.

Spioradáltacht[athraigh | edit source]

Is léiriú iad liricí The Waterboys ar an tionchar a bhíonn ag traidisiúin éagsúla spioradálta orthu. Is é an chéad tionchar an nua-Phagántacht rómánsúil agus an rúndiamhracht a shamhlaítear le húdair ar nós Yeats agus Dion Fortune. Is sna tagairtí, a dhéantar arís agus arís eile, don dia ársa Gréagach Pan in “The Pan Within” agus “The Return of Pan” a fheictear iad seo. Áiríodh Pan i ndearadh an albaim Room to Roam chomh maith. Déanann an t-amhrán “Medicine Bow” – amhrán ó na seisiúin thaifeadta don albam This is the Sea – tagairt do spioradáltacht na Meiriceánach Dúchasach sa tslí a n-úsáidtear an focal “medicine” (leigheas) a chiallaíonn cumhacht spioradálta. Is léiriú iad na réamhthaifeadtaí — a rinneadh i gcomhair chéadalbam an ghrúpa — ar shuim Scott i saincheisteanna na Meiriceánach Dúchasach. Áiríodh “Death Song of the Sioux Parts One & Two” agus “Bury My Heart” ar na hamhráin a bhí ar an albam seo. Is tagairt é an t-amhrán “Bury My Heart” do leabhar Dee Brown Bury My Heart at Wounded Knee. Is stair na Meiriceánach Dúchasach in iarthar na Stát Aontaithe atá sa leabhar seo. Thóg Scott an t-amhrán traidisiúnta Sioux “The Earth Only Endures” ó Bury My Heart at Wounded Knee agus chuir sé ceol nua leis; chonacthas an cóiriú nua seo ar The Secret Life of the Waterboys. Feictear íomháineachas Críostaí san amhrán “December” ó The Waterboys, in “The Christ in You” ó Universal Hall, agus go hindíreach sa tionchar a bhí ag Lewis orthu in go leor amhrán eile. Scríobhann Scott, áfach, nach bhfuil tionchar ag an gCríostaíocht ar a liricí.

Ina theannta sin, tá sé ráite ag Scott go raibh suim aige i gcónaí sa spioradáltacht, agus níor bhain sé le haon chreideamh ar leith riamh. Ní thaitníonn sé leis nuair a bhíonn daoine ag maíomh gurb é a gcreideamh féin an t-aon chreideamh amháin atá ceart. Creideann sé nach bhfuil iontu ach slite éagsúla chun spioradáltacht a chur in iúl. Glacann sé leis go dtugtar uilíocht air sin. In ainneoin dhearcadh iolraíoch Scott, thug roinnt léirmheastóirí “Rac Críostaí” ar cheol The Waterboys.

Ballraíocht[athraigh | edit source]

Bhí páirt an-tábhachtach ag fidléir The Waterboys, Steve Wickham, sa treo a ghabh an banna.

In imeacht na mblianta, sheinn ní ba mhó ná 30 ceoltóir beo leis an mbanna mar ‘Waterboy’. Níor chaith cuid acu ach tréimhse ghairid leis an mbanna agus iad ag cur le halbam nó ar camchuairt leo. Chaith ceoltóirí eile tréimhsí ní b'fhaide leo agus ba mhór a chuir siad leo. Is é Scott príomhamhránaí agus príomhscríbhneoir amhrán an bhanna ó thús agus is eisean a dhéanann an ceol a spreagadh. Tá líon ceoltóirí eile, áfach, bainteach go dlúth leis an mbanna chomh maith.

Ba bhall den bhanna é Anthony Thistlethwaite ó thús, agus d'fhan sé leo go dtí gur scar an banna ó chéile sa bhliain 1991. Ghlac sé páirt, áfach, i gcúpla seisiún taifeadta do A Rock in the Weary Land. Seachas Scott and Wickham, is é Thistlethwaite a rinne níos mó amhrán a scríobh ná aon Waterboy eile. Ag an tús, bhí a shacsafón mar chuid shainiúil d’uirlisí práis an bhanna. Chomh maith leis sin, sheinn sé an giotár, an méarchlár agus go leor uirlisí eile don bhanna. Theastaigh uaidh go géar go bhfillfeadh The Waterboys ar fhuaim an rac i ndiaidh Room to Roam. Ní raibh sé páirteach i Dream Harder, áfach, a léirigh toradh an chinnidh sin. Is ball anois é de The Saw Doctors agus tá trí albam aonair eisithe aige.

Ba é Kevin Wilkinson, a bhí ina bhall ó thús chomh maith, drumadóir The Waterboys idir 1983 agus 1984. Lean sé air ag seinm leo i roinnt seisiún stiúideo ina dhiaidh sin. Ba é an uair dheireanach a bhí sé ag obair leo ná A Rock in the Weary Land. Ba eisean a stiúir uirlisí rithime an bhanna le linn na tréimhse ar a dtugtar “an Ceol Mór”. Ba mhinic a sheinn sé gan tionlacan an dhordghiotáir. Is mar cheol “geal, uilleach le fuaim neamhghnách” a dhéanann Scott cur síos ar a chuid drumadóireachta.

Chuaigh Karl Wallinger isteach sa ghrúpa sa bhliain 1983, go gairid i ndiaidh don ghrúpa teacht le chéile. D’fhág sé an grúpa dhá bhliain ní ba dhéanaí ach, laistigh den tréimhse ghairid sin, chuir sé go mór leis na halbaim A Pagan Place agus This Is the Sea araon. Bhí sé ar dhuine de na scríbhneoirí a scríobh “Dont Bang the Drum”, an aintiún comhshaolaithe ar This Is the Sea. Chuir an obair a rinne sé leis an méarchlár agus an sintéiseoir go mór le fuaim an ghrúpa. Rinne sé obair stiúideo do sheisiúin thaispeána chomh maith. Bhí tionchar mór ag an obair a rinne sé leis The Waterboys ar a thionscadal World Party.

Thosaigh Roddy Lorimer leis an ngrúpa sa bhliain 1983, agus sheinn sé a thrumpa leo anois is arís go 1990. Rinne eisean agus Thistlethwaite sealaíocht ar uirlisí práis an ghrúpa a stiúradh, agus bhí páirt thábhachtach ag Lorimer mar amhránaí aonair chomh maith. Ba iad “The Whole of the Moon” agus “Dont bang the Drum” a thuill an cháil ba mhó dó. Chuir sé fonnadóireacht taca leis an amhrán chomh maith. Is teaglaim den oiliúint chlaisiceach a fuair sé agus dá chur chuige turgnamhach, cur chuige ar mhol Scott dó tabhairt faoi, é a stíl ar an trumpa. D’fhill Lorimer le haghaidh obair stiúideo sa bhliain 2006.

Nuair a chuaigh Steve Wickham leis an ngrúpa sa bhliain 1985, tháinig athrú mór orthu. Is í an tsuim mhór a bhí aige sa cheol tuaithe a spreag an banna le dul i dtreo nua. Tháinig deireadh lena pháirt sa ghrúpa, The Waterboys, sa bhliain 1990 nuair a theastaigh ó Scott agus Thistlethwaite filleadh ar rac is roll. D’fhill sé ar an ngrúpa arís sa bhliain 2000 agus bhí sé fós ag seinm leo faoin mbliain 2007. Tá níos mó amhrán scríofa aige don bhanna ná aon duine eile seachas Scott, lena n-áirítear líon beag taifeadtaí ionstraimeacha an bhanna. Dúirt Scott go raibh sé ar an seinnteoir fidle is fearr ar domhan sa stíl rac.

Tar éis 2000, bhí Richard Naiff ar dhuine de na trí phríomhbhaill in The Waterboys.

Ba sa bhliain 1999 a rinne Richard Naiff taifeadtaí leis an mbanna den chéad uair agus ón mbliain 2000 ar aghaidh bhí sé leo go lánaimseartha. Ó 2007, tá sé ar dhuine de phríomhbhaill an ghrúpa i dteannta Scott agus Wickham. Is pianódóir agus fliúiteadóir é a fuair oiliúint chlaisiceach, agus is é an méarchlár a sheinneann sé do The Waterboys. Agus Ian McNabb ag cur síos air dúirt sé gurb é “Seoid an chéid” é. Tá sé ráite ag léirmheastóirí go bhfuil bua faoi leith aige.

Áirítear na daoine seo a leanas ar bhaill eile thábhachtacha an bhanna – an seinnteoir doird McNabb, ceannaire Icicle Works; Sharon Shannon a dhíol an méid ba mhó riamh ná aon cheoltóir eile in Éirinn sa réimse ceoil thraidisiúnta; an ceoltóir turgnamhach Thighpaulsandra, an léiritheoir Guy Chambers, agus an drumadóir grúpa Patti Smith, Jay Dee Daugherty.

Dioscliosta[athraigh | edit source]

Singlí[athraigh | edit source]

Ar mhaithe le caoithiúlacht, áirítear singlí de chuid Another Pretty Face, The Waterboys agus Mike Scott sa chairt seo. Eisíodh gach ceann acu mar shinglí sa Ríocht Aontaithe ach amháin:

  • Traiceanna ar a bhfuil an comhartha ♦, is traiceanna iad a eisíodh ar bhonn tráchtála mar shinglí. Níor eisíodh iad sa Ríocht Aontaithe, áfach.
  • Traiceanna ar a bhfuil an comhartha ♦♦, is singlí iad a eisíodh mar shinglí tionscnaimh sna Stáit Aontaithe amháin.

Albaim Stiúideo[athraigh | edit source]

Ar mhaithe le caoithiúlacht, áirítear albaim ó The Waterboys agus ó Mike Scott anseo. Dhearbhaigh Scott, cúpla uair, nach bhfeiceann sé difríocht cháilíochtúil ná chruthaitheach idir an dá shaghas ceoil a dhéantar faoin dá ainm branda.

Mike Scott:

The Waterboys:

Albaim bheo agus díolaim[athraigh | edit source]

Tá Mike Scott ina aonar ar chlúdach an albaim dar teideal The Whole of the Moon: The Music of Mike Scott and the Waterboys, díolaim ina bhfuil ceol The Waterboys agus ceol aonair Mike Scott.

Tagairtí[athraigh | edit source]