The Rubberbandits
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| The Rubberbandits | |
![]() |
|
| Horse Outside (EP) | |
| Bunús | Luimneach |
| Tír | Éire |
| Gníomhach | 2000 – inniu |
| Seánra(í) ceoil | Ceolchoiméide, hip-hop, aoir |
| Baill | Blindboy Boat Club, Mr.Chrome |
| Suíomh gréasáin | therubberbandits.com |
Grúpa grinn hip-hop Éireannach é The RubberBandits (Gaeilge: Na Ropairí Rubair) as Cathair Luimnigh in Éirinn, a bhfuil an bheirt, 'Blindboy Boat Club' agus 'Mr.Chrome' chun tosaigh ann, cé go bhfuil scata de chúigear déag i gceist leis. Den chuid is mó is ar stáitse is ar an teilifís a bhíonn siad ag seinm is ag canadh a gcuid ceoil agus tá siad tar éis dul timpeall na hÉireann lena gcuid grinn. Bhíodar ag an Electric Picnic, Féile Grinn Idináisiúnta Bulmers agus tá siad tar éis seinm leis an Alabama Three, Super Extra Bonus Party agus Ice Cube. D'eisigh siad físeán agus amhrán dar ainm Horse Outside ar an 8 Nollaig sa bhliain 2010 ag súil go n-éireodh leis barr na gcairteacha a bhaint amach faoi Nollaig. D'éirigh leis an bhfíseán breis is milliún 'radharc' a bhaint amach taobh istigh de sheachtain.[1] Ba é a bhfíseán Ba Mhaith Liom Bruíon le d'Athair an tríú físeán ba mhó tóra in Éirinn sa bhliain 2011.
Naisc [athraigh]
http://soundcloud.com/rnl/rubberbandits Agallamh le Mr. Chrome ar Raidió na Life
Tagairtí [athraigh]
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
