The Mighty Boosh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Mighty Boosh

Seánra Clár grinn
Fad na n-eipeasóidí Timpeall 30 nóiméad
Dearthóir(í) Julian Barratt
Noel Fielding
Léiritheoir(í) {{{léiritheoir}}}
Foireann Julian Barratt
Noel Fielding
Michael Fielding
Rich Fulcher
Dave Brown
Teanga Béarla
Tír Flag of the United Kingdom.svg Ríocht Aontaithe
Craoltóir BBC
Chéad rith 18/5/2004 – inniu
Méid eipeasóidí 20

Is sraith teilifíse grinn Sasanach é The Mighty Boosh. Sna príomhpháirteanna tá Julian Barratt agus Noel Fielding, a scríobhann é freisin. Meascann an clár greann neamhghnách, ceol agus beochan. Scríobhann Barrat gach píosa ceol sa seó agus dearann Fielding an ealaín agus na grafaicí. Craoltar trí sraith den chlár ar BBC3 go dtí seo agus eisítear gach ceanna dóibh ar DVD freisin.

Clár ábhair

[athraigh] Sraith 1

Bhí an céad sraith lonnaithe i Zú darbh ainm The Zooniverse, áit a oibríonn Vince Noir agus Howard Moon, ach ní gnáth-zú atá ann agus téann an beirt chara ar líon mór eachtraí, taistlíonn siad chuig an Tundra Arctach, Limbó agus fiú 'Monkey Hell'. Craoladh é ar BBC3 ó an 18ú Bealtaine 2004 go dtí an 6ú Iúil 2004, bhí sé déanta suas de 8 chlár agus bhí DVD de eisithe ar Lúnasa 24 2005.

[athraigh] Sraith 2

Don dara sraith, bhog Vince agus Howard go arasán i nDalston, Sasana le seasman misteach darbh ainm Naboo agus Bollo, ápa a labhraíonn. Fad is atá siad ag iarraidh rath a bhaint amach mar ceoltóirí tarlaíonn go leor eachtraí aisteacha, déanann siad iarracht teacht ar an 'Fountain of Youth' agus bíonn siad i mbaol bás ó Yeti agus Nana olc! Mhair an sraith 6 chlár ó mí Iúil go Lúnasa 2005. Bhí an sraith eisithe ar DVD i bhFeabhra 2006.

[athraigh] Sraith 3

Thosaigh an triú sraith i Mí na Samhna 2007, an uair seo bhí Vince agus Howard ag obair i siopa Naboo, darbh ainm 'The Nabootique'.

[athraigh] Carachtair

  • Howard Moon (Julian Barratt)
  • Vince Noir (Noel Fielding)
  • Naboo (Michael Fielding)
  • Bollo (Peter Elliot (2004), Dave Brown (2005–láithreach))
  • Bob Fossil (Rich Fulcher)
  • The Moon (Noel Fielding)
  • The Hitcher (Noel Fielding)
  • Tony Harrison (Noel Fielding)
  • Saboo (Richard Ayoade)
  • Dixon Bainbridge (Matt Berry)
  • Rudi van DiSarzio (Julian Barratt)
  • Lester Corncrake (Rich Fulcher)
  • Dennis (Julian Barratt)
  • Kirk (Kirk Gaitskell-Kendrick)
  • Old Gregg (Noel Fielding)

[athraigh] Asteorí aoi

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile