The 747s

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaThe 747s
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2006, Learpholl Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
SeánraCeol neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 54288990-489c-4cc0-97c0-4f6ec2a1d609 Songkick: 80445 Discogs: 891717 Cuir in eagar ar Wikidata

Banna rac-cheoil ab ea The 747s.

Baill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1999 chas Oisín and Ned ar a chéile ag an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus thosaigh siad ag ceolsráide le chéile agus ag casadh i dtithe tábhairne ar fud na hÉireann mar chuid de ghrúpaí éagsúla.

Chuaigh siad go Napoli na hIodáile an bhliain dár gcionn agus tar éis a bheith ag tóraíocht drumadóir, casadh Massimo orthu sa Centro Sociale áitiúil, áit a bhfuair siad an saoirse agus trealamh chun casadh le chéile.

Chas an banna a gcéad gig os comhair 5000 duine ar an 17ú Márta 2001, i bPiazza del Gesu, Napoli, ag ceolchoirm a bhí eagraithe mar agóid i gcoinne an Fóram Domhanda a bhí ar siúl ann. Tar éis 10 nóiméad cleachtadh sciobtha faoi scáth bualadh chloig an Ardeaglais Santa Chiara chas an banna an tsraith amhráin seo a leanas: ‘London Calling’, ‘The Magnificent 7’, agus ‘Rock the Casbah’ ó The Clash agus ‘Tomorrow Girls’ ó The UK Subs. Tamaill ina dhiaidh an ghig, thaifead an banna a gcéad amhrán ‘Complicated’ mar The Fluid Druids (I Druidi Fluidi) do dlúthdhiosca bhannaí gan chonradh a bhain le Centro Sociale eile i Napoli, Officina 99.

Don chéad bhliain eile, an tslí mhaireachtála a bhí acu ná ag ceolsráide agus ag casadh gigeanna ar fud deisceart na hIodáile de shíor ag chamchuairt bailte ar nós Agrigento, Siracusa, Palermo agus Cefalu agus ag casadh le bannaí eile áitiúla agus le ceoltóirí taistil.

I 2004, bhuail Massimo, Oisín agus Ned le Freddie tar éis a bheith ag breathnú air casadh amhráin Jimi Hendrix ar shráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath. Bhí sé soiléir do chách gurbh é Freddie a bhí in easnamh agus d’aontaigh sé a bheith ina bhall den ghrúpa. Thug an ceathrar ball nua aghaidh ar Learpholl agus rinneadh The 747s dóibh. Ní raibh sé i bhfad go raibh Learpholl mar Hamburg acu. D’éirigh go hiontach leo sa réimse ceoil cruthaitheach agus bríomhar agus chur pobal na mbannaí áitiúla fáilte rompu. B’anseo a d’fhorbair an banna a chuid scríbhneoireachta agus a fhuaim bheo, a bhfuil tréith láidir comhcheol guthach ann. Lean siad ag sráid cheoil agus ag casadh gigeanna thimpeall Learpholl agus shínigh siad conradh le Ceirníní Island ar an Aoine 13ú Lúnasa 2004.

Zamparó[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eisigh The 747s a gcéad albam 'Zampanó' i Meán Fómhair 2006. Liosta na n-amhráin:

  1. Night And Day
  2. Missed That Sun
  3. Rainkiss
  4. Leave Your Job Today
  5. Zampano
  6. Miles Away
  7. Nature's Alibi
  8. Into The Shadow
  9. Anxiety
  10. Death Of A Star
  11. Return
  12. Goodbye For A While
  13. October Air
  14. Green And Blue

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]