Tesco Ireland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tesco Ireland Limited
POL Prokocim Tesco.jpg
Ollmhargadh de chuid Tesco sa Pholainn
Saghas Comhlachta Comhlacht phríobháideach
Bunaithe 1962 (Mar Power Supermarkets Limited)
1997(mar Tesco Ireland)
Suíomh Dún Laoghaire, Éire
Tír(Tíortha) {{{tír}}}
Daoine Lárnacha Tony Keohane, William McCann
Méid fostaithe 15,200 (2014)
Tionscail Miondíol/ollmhargadh
Láithreán Gréasáin Tesco.ie

Is é Tesco Ireland an brainse Éireannach de Tesco plc. Is é Tesco Ireland an tsraith ollmhargaí is mó in Éirinn. Tá ollmhargaí acu faoin ainm "Tesco" den chuid is mó, chomh maith le "Tesco Extra" le haghaidh siopaí níos mó, agus "Tesco Express" i gcomhair siopaí beaga.

Stair[athraigh | edit source]

Tesco Ireland sna 1980idí[athraigh | edit source]

Ba é Tesco Ireland an t-ainm a bhí ar ghrúpa ollmhargaí in Éirinn sna 1980idí. Sa bhliain 1986 díoladh iad chuig an comhlacht H Williams a d'imigh as trádáil an bliain dár gcionn.

Quinnsworth/Crazy Prices[athraigh | edit source]

B'ollmhargadh in Éirinn a thosaigh sna 1970idí é Quinnsworth. Bhi an t-ainm Crazy Prices tugtha acu ar a gcuid siopaí móra. Ba é Associated British Foods (ABF) an t-úinéir. I 1997 díoladh iad chuig Tesco plc agus foirmíodh "Tesco Ireland". Chomh maith leis seo cheannaigh Tesco Lifestyle Sports, ach de bharr ceannach thar barr amach ag an mbainistíocht díchumaiscíodh é.

Tesco[athraigh | edit source]

De réir a chéile athraíodh ainmneacha na siopaí chuig "Tesco Ireland", agus baineadh úsáíd as leagan gorm de lógó Tesco.

Anois tá Tesco ag cur an lógó a úsáidtear sa Bhreatain ar a gcuid siopaí agus tá an lógó "Tesco Ireland" ag imeacht as úsáíd.

Nuacht le déanaí[athraigh | edit source]

Tá Tesco faoi bhrú faoi láthair chun a gcuid praghasanna a ísliú mar gheall ar an mbearna ollmhór idir na praghsanna i bPoblacht na hÉireann agus na praghsanna i dTuaisceart na hÉireann.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Iomaitheoirí Tesco in Éirinn

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]