Terence Conran

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Terence Orby Conran)

Dearthóir is fear gnó a rugadh in Esher Shasana ar an 4 Deireadh Fómhair 1931 is ea Sir Terence Orby Conran. Bhunaigh is bhainistigh sé comhlacht Habitat, inar dhíol troscán a dhear sé féin is ábhair eile de dhearadh nua-aoiseach. Scríobh sé leabhair a bhain cáil amach freisin, ina measc Terence Conran on Design (Terence Conran ar Dearadh, 1996) agus The Ultimate House Book (An Leabhar Deiridh Tí, 2003). Chaill sé seilbh ar Habitat sa bhliain 2011.