Teorainn Roche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar teorainn Rochega Roche ar an teorainn timpeall na rinne neimhe nach gceadaítear satailítí i bhfoirm shreabhach taobh istigh di. Is é sin, dá mbeadh deoir mhillteanach leachta ag timpeallú na rinne neimhe taobh istigh de theorainn Roche, thitfeadh sí as a chéile agus na fórsaí taoide á streachailt as a chéile, agus dá mbeadh sí á timpeallú taobh amuigh den teorainn chéanna, choinneodh a himtharraingt féin le chéile í. Ar ndóigh, ní leacht a bhíonn i gceist le satailítí na reann neimhe - bíonn na gealacha comhdhéanta as cloch agus as oighear. Mar sin féin, tá tábhacht phraiticiúil le teorainn Roche mar choincheap. An smionagar a bhíonn ag timpeallú an phláinéid, cuir i gcás, déanfaidh sé fáinne thart ar an bpláinéad taobh istigh de theorainn Roche; ach taobh amuigh den teorainn, tiocfaidh sé le chéile, ionas go gcruthófar satailít nua. Sin é an cineál claonadh a bheidh ann, ar a laghad.

B'é an réalteolaí Francach Édouard Roche a d'oibrigh amach an taobh matamaiticiúil den scéal thiar sa bhliain 1848, agus is as a hainmníodh an coincheap.

d = teorainn Roche

Foirmle[cuir in eagar | athraigh foinse]

.

San fhoirmle seo, is ionann:

  • d agus teorainn Roche
  • r agus ga na satailíte
  • M agus mais an phríomhúlaigh (is é an príomhúlach an réad atá an tsatailít a thimpeallú)
  • m agus mais na satailíte féin