Teorainn talún na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Teorainn Éireannach)
Teorainn na hÉireann - líne dhubh

Socraíodh an Teorainn idir Poblacht na hÉireann (poblacht na sé gcontaetha fichead) agus an Ríocht Aontaithe sa bhliain 1921. Tá an teorainn 360 ciliméadar, nó 224 míle, ar fad, agus í ag rith ó Loch Cairlinn i gContae an Dúin chois Mhuir Éireann go dtí Loch Feabhail in aice le Contae Dhún na nGall. Cosúil lena lán teorainneacha inmheánacha san Aontas Eorpach, tá an teorainn seo sách oscailte. Cé nach cuid de limistéar Schengen iad Éire agus an Ríocht Aontaithe, is comhlimistéar taistil iad.

Críochdheighilt na hÉireann[athraigh | edit source]

Tarraingíodh an Teorainn sa bhliain 1921, de réir fhorálacha an Achta um Rialtas na hÉireann, acht ar ghlac parlaimint na Ríochta Aontaithe leis sa bhliain 1920. Ba é an tAcht seo a chuir ar bun dhá pharlaimint fhéinrialaitheacha d'Éirinn - Parlaimint Dheisceart Éireann agus Parlaimint Thuaisceart Éireann. Fágadh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Tír Eoghain, agus Doire - faoi pharlaimint an Tuaiscirt, agus ba iad an sé chontae fichead eile Deisceart Éireann. Nuair a síníodh an Conradh Angla-Éireannach i Mí na Nollag 1921, fágadh an teorainn seo i bhfeidhm "go sealadach".

Ar dtús, bhí an teorainn seo ceaptha mar theorainn inmheánach taobh istigh de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, ach i Mí na Nollag 1933, tharraing an Tuaisceart as Saorstát Éireann, de réir na rogha diúltaithe a bhí fágtha aige. Mar sin a cuireadh tús leis an Teorainn mar theorainn idirnáisiúnta. Bhí an Saorstát réasúnta neamhspleách ar an Ríocht Aontaithe ó thús báire, rud a rinneadh foirmiúil le Reacht Westminster sa bhliain 1931. Tháinig coimisiún ar leith, Coimisiún na Teorann, le chéile chun teorainn a tharraingt idir an dá dhlínse, ag tabhairt airde ar chomhdhéanamh eitnireiligiúnach an daonra sa Tuaisceart, ach ní raibh ceachtar den dá thaobh sásta le moltaí an Choimisiúin, agus mar sin, fágadh an teorainn mar a raibh sí. Ní bhfuair an saol mór radharc ar mholtaí an Choimisiúin riamh, nó níor foilsíodh a thuarascáil.

Sa bhliain 1937, tháinig bunreacht nua i bhfeidhm sa Saorstát a bhaist Éire mar ainm oifigiúil ar an tír, agus sa bhliain 1948, rith an tOireachtas an tAcht um Poblacht na hÉireann le poblacht a ghairm den tír go hoifigiúil.

Custam agus Seiceáil Aitheantais[athraigh | edit source]

Go gairid i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann, tugadh custam agus seiceáil aitheantais isteach ag an Teorainn. Bhí na seiceálacha á ndéanamh go dtí an 31ú lá de Mhí na Nollag 1992, nuair a tháinig an Margadh Eorpach Aonair i bhfeidhm. Ó shin i leith, níl stáisiúin chustaim ag obair ar aon taobh den Teorainn a thuilleadh.

Cé nach raibh pas ag teastáil ó mhuintir na hÉireann ná na Ríochta Aontaithe riamh ag an teorainn seo, bhíodh na fórsaí slándála ag éileamh doiciméad aitheantais éigin ar lucht trasnála na teorann go tráthrialta nuair a bhí na trioblóidí go dona. Na bóithre beaga cúnga trasna na teorann nach raibh na fórsaí slándála in ann súil a choinneáil orthu, gearradh le poill bhuamaí iad, ionas nach bhféadfadh na daoine úsáid a bhaint astu, agus rinne na húdaráis liosta de na bóithre ceadaithe. Ó na luathnóchaidí anuas, áfach, níltear ag coinneáil diansúile ar na bóithre trasteorann a thuilleadh, agus tá cuid mhaith bóithre neamhcheadaithe in úsáid arís.

Sa bhliain 2007, tháinig sé chun solais go raibh pleananna idir lámhaibh ag údaráis na Breataine Móire a d'fhéadfadh deireadh a chur leis an gComhlimistéar Taistil a chuimsíonn Éire, an Ríocht Aontaithe, Oileán Mhanann, agus Oileáin Mhuir nIocht, ionas go bhfágfaí Tuaisceart Éireann i suíomh doiléir. Sa ráiteas a chuir sé os comhair Dháil Éireann, dúirt an Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn "nach raibh pleananna ar bith ag údaráis na Breataine Móire custam ná seiceálacha aitheantais a chur ar bun arís idir an Tuaisceart agus an Deisceart - is é an t-aon rud a theastaíonn uaidh ná cur leis an gcomhoibriú trasteorann, le srianta a chur leis an inimirce neamhdhlíthiúil." Mar sin féin, chuir na pleananna seo imní ar na hAontachtóirí sa Tuaisceart, agus dúirt Jim Allister, polaiteoir Aontachtach Daonlathach, go mbeadh sé doghlactha ar fad dá gcaithfeadh muintir na Ríochta Aontaithe pas a thaispeáint agus iad ag dul ó chuid amháin go cuid eile den Ríocht.