Teoirim Bayes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa dóchúlacht agus sna feidhmeanna a bhaintear aisti, cuireann teorim Bayes síos ar an gcaidreamh idir dhá dhóchúlacht choinníollacha atá aisiompaithe ar a chéile. Is as Thomas Bayes (fuaimniú: /ˈbeɪz/) a ainmníodh í agus is minic a thugtar dlí Bayes nó riail Bayes uirthi. Tugann an teoirim an dóchúlacht choinníollach, ar a dtugtar an "iardhóchúlacht" le hipitéis H (.i. a dóchúlacht tar éis fianaise E a bheith tugtha faoi ndeara) i dtéarmaí an "réamhdhóchúlacht" ar H, ar réamhdhóchúlacht ar E, agus an dóchúlacht choinníollach ar E, agus H tugtha. Tá an teoirim bailí de réir gach aon fhealsúnacht dóchúlachta, agus is minic a bhaintear feidhm as san eolaíocht agus san innealtóireacht, ach ní bhíonn staitisteoirí ar aon tuairim i dtaobh úsaíd chuí na teoirime.

Teoirim[athraigh | edit source]

Is é ráiteas na teoirime ná

P(H|E) = \frac{P(E | H)\, P(H)}{P(E)}.

Tá ainm thraidisiúnta ag gach téarma sa teoirim:

  • Is é P(H) an réamhdhóchúlacht ar H. Is ionann é agus an dóchúlacht a mheasfaí ar H roimh aon eolas a bheith ann maidir le E.
  • Is é P(H|E) an dóchúlacht choinníollach ar H, más fíor do E. Tugtar an iardhóchúlacht air, leis, toisc go mbraitheann sé ar an luach atá ag E.
  • Is é P(E|H) an dóchúlacht choinníollach ar E, agus H tugtha a bheith fíor. Tugtar an fheidhm dealraiteachta air leis.
  • Is é P(E) an réamhdhóchúlacht ar E---is é sin, an dóchúlacht go mbeadh E fíor, cuma an bhfuil H fíor nó nach bhfuil.